Tá an dearfacht, an dóchas agus an dúchas i gcroílár na hoibre a dhéanann NÓS agus trínár bhfíseáin nuálacha ar líne. Sa tsraith nua seo atá á cur i láthair againn Spotsolas ar Mheabhairshláinte, is mian linn aird a dhíriú ar cheann de mhórcheisteanna na linne seo agus uchtach a thabhairt dóibh sin a bhíonn ag fulaingt dá barr. Beidh sé ghearrfhíseán sa tsraith agus tá súil againn gur féidir leo an méid sin a dhéanamh go héifeachtach.
Don chéad fhíseán sa tsraith thug muid cuairt ar Diarmuid Lyng agus Siobhán de Paor ag an Díseart Gaelach Fiáin a reáchtálann siad i gCiarraí. Labhair Diarmuid faoin streachailt a bhí aige féin agus faoin leigheas a fuair sé ón nádúr agus ón teanga.
Ár mbuíochas leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge a thug an maoiniú chun an tsraith físeán seo a dhéanamh.
Labhair le duine:
Lifeline NI: 0808 808 8000
The Samaritans: 116-123
Childline: 0800 1111
Pieta House: 00353 1 6010000