Tá £2.5 milliún curtha ar leataobh ag Rialtas na hAlban i gcomhar foclóir nua Gàidhlig, an chéad mhórfhoclóir dá chineál i stair na teanga. Foclóir cuimsitheach a bheidh i Faclair na Gàidhlig, a chuirfidh síos ar stair, ar fhorbairt agus ar úsáid na teanga.
Gealltar go mbeidh i bhfad níos mó eolais sa bhfoclóir nua seo ná mar atá in aon fhoclóir eile atá ar fáil i siopaí leabhar na hAlban faoi láthair, agus go tarraingeofar ar eolas ó fhoinsí stairiúla agus comhaimseartha lena chur i dtoll a chéile.
Tá an togra á stiúradh ag roinnt institiúidí éagsúla, idir ollscoileanna agus ghrúpaí a bhíonn ag gníomhú ar son na Gàidhlig, Sabhal Mòr Ostaig ina measc.
Meastar go mbeidh 30 bliain ann sula mbeidh an foclóir ina iomláine críochnaithe agus táthar ag súil go mbeidh sé ar aon dul leis na móracmhainní foclóireachta atá ann cheana féin don Bhéarla agus don Albainis. Beidh os cionn 100,000 iontráil sa bhfoclóir nua agus beidh lucht a dhéanta ag tarraingt ar chorpas 30 milliún focal, idir cháipéisí scríofa agus taifeadtaí fuaime, lena chur le chéile.
Tá roinnt oibre déanta cheana féin agus tá an Aire Oideachais Rialtas na hAlban, John Swinney, “ar bís” faoin gcéad chéim eile. Dúirt sé go ndeachaigh an méid oibre a rinneadh go dtí i bhfeidhm air agus go bhfuil súil aige toradh na hoibre atá le déanamh fós a fheiceáil.
“Tá sé riachtanach go mbeidh acmhainn ar fáil dúinn a bheidh ina phointe tagartha d’fhoghlaimeoirí, agus do chainteoirí dúchais, agus lena chinntiú go bhfuil bonn láidir faoi fhorbairt agus dul chun cinn na teanga.
“Is sampla iontach é Faclair na Gàidhlig den pháirtíocht atá ann idir institiúidí acadúla agus eagraíochtaí eile. Cabhróidh an comhoibriú seo le cur chun cinn na Gàidhlig agus cinnteoidh sé go mbeidh áit ann di i dtodhchaí na hAlban,” a dúirt sé leis an gclár Good Morning Scotland ar an BBC.
Dúirt Boyd Robertson, príomhoide Sabhal Mòr Ostaig agus stiúrthóir an fhoclóra nua, go mbeidh an cháipéis nua “údarásach, críochnúil agus eolach” agus go gcabhróidh sé le cainteoirí Gàidhlig tuiscint dhomhain ghéar a fháil ar stair scríofa na teanga.
Idir an dá linn, tá lucht na foclóireachta in Éirinn ag treabhadh leo agus an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge nach mór curtha i gcrích acu. Tá sé i gceist dhá mhórfhoclóir eile a fhoilsiú ar líne sna blianta amach romhainn — An Foclóir Nua Gaeilge-Béarla agus foclóir Gaeilge-Gaeilge.