Tá dea-thoil á scaipeadh ag caiféanna fríd an tír agus daoine á spreagadh chun cupán caife ‘ar feitheamh’ a cheannach do dhaoine anaithnide.
Caffè sospeso – a chiallaíonn ‘caife ar fionraí’ nó ‘caife ar ball’ san Iodáilis – an t-ainm atá ar an chleachtas dea-thola seo a thosaigh san Iodáil agus atá anois á spré amach timpeall na hEorpa.
Is in Common Grounds i mBéal Feirste a tháinig mé ar an ghluaiseacht seo den chéad uair, áit ar féidir cupán caife – agus babhla anraith – ar feitheamh a cheannach le dhá bhliain anuas.
Mhínigh Adem Nicholas, a bhíonn ag obair sa chaifé, gur cuireadh síol an nóis chineálta seo ocht mbliana ó shin le clár bronntanas a thug deis do chustaiméirí caife a cheannach do chara agus a hainm/ainm a chur in airde ar chlár dubh ionas go mbeadh a fhios acu.
Ní go dtí gur tháinig siad trasna, in alt sna meáin, ar an ghluaiseacht náisiúnta ‘caife ar feitheamh’ do dhaoine anaithnide gur cuireadh i bhfeidhm ansin ina gcaifé féin é.
Bhí caife ar fionraí á thairiscint ag Common Grounds ar tús ach bheartaigh siad go gairid ina dhiaidh sin é a leathnú amach.
“Tá caife go maith ach uaireanta déanann babhla anraith te gnaithe níos fearr,” arsa Adem.
Cé go mbíonn éileamh ar an tseirbhís i measc daoine ar an ghannchuid, tá sé ag dul i bhfeidhm ar an mhórphobal chomh maith.
“Chuirfeadh sé ionadh ort an réimse leathan daoine a bhíonn ag teacht isteach chun é a úsáid.
“Seans nach bhfuil airgead tirim acu agus gheobhaidh siad lón ar fionraí agus ansin d’íocfadh siad as lón sa bhreis an chéad bhabhta eile.
“Níl duine ar bith ag baint mí-úsáide as.
“A mhalairt atá i gceist – cuireann gach duine leis agus is rud an-dearfach é,” ar sé.
Bímis dearfach timpeall na tíre mar sin!
Seo mo rogha-sa de 5 chaifé thuaidh/theas/thoir/thiar ina bhféadfá teacht ar chupán caife ar feitheamh an deireadh seachtaine seo.
1) Common Grounds / 12-24 Ascaill na hOllscoile, Béal Feirste
Ceann de na caiféanna is fearr i mBéal Feirste, meallann sé daoine de gach cineál agus téann brabús an Common Grounds go carthanachtaí timpeall an domhain.
Is cuidiú é chomh maith go bhfuil “Dan an seaimpín barista” ag obair ann agus é aitheanta ar an barista is fearr sna sé chontae tar éis dó comórtas mór a bhaint ar na mallaibh.
Má tá fonn ort greim a fháil le hithe, triail an Yummm Bowl.
Béile blasta nach ligfidh tú i ndearmad é róluath.
2) Ósta / Cé na Garbhóige, in aice le Sráid Stiofáin, Sligeach
Cuirtear béim in Ósta – atá suite cois Abhann na Garbhóige – ar scoth an bhia, earraí áitiúla, glasraí séasúracha, cácaí milse lámhdhéanta agus caife ardchaighdeáin.
I measc na gcaiféanna is fearr san iarthar é, tugann sé ardán do cheol beo tráthnóna Dé Luain agus De Céadaoin, agus do ghrúpa Gaeilge Dé hAoine!
Hup!
3) The Happy Pear / Bóthar an tSéipéil, Na Clocha Liatha, Cill Mhantáin
Is beadaithe (foodies) cearta iad an cúpla David agus Steven Flynn atá taobh thiar den Happy Pear, a thosaigh amach mar shiopa glasraí agus atá anois mar lárionad do réabhlóid bhia Chill Mhantáin.
Go deimhin, is caifé/siopa sláinte/siopa glasraí/béar sú/bialann é an Piorra Sásta atá dírithe ar bhia áitiúil agus orgánach den scoth a chur chun cinn.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt air.
4) Third Space / 14 Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7
Má tá tú ag lorg caifé a bhfuil atmaisféar compordach pobail ar fáil ann, mar aon le praghsanna réasúnta, bia deas simplí agus foireann chairdiúil, ní gá dul níos faide ná Third Space.
Buail isteach chun caife ar feitheamh a cheannach nó a ól!
5) Idaho / 19 Sráid Caroline, Corcaigh
Osclaíonn siad ag a 8.26… le caife láidir, bláthanna úra, tiúineanna maithe, miongháire fáilteach agus Gaeilge ar a gclár dubh!
Sin a deir sé ar a shuíomh, agus creidim iad.
Bhuaigh Idaho ‘An Caifé is fearr in Éirinn’ i mbliana agus ní den chéad uair ar tharla sin.
Bígí ag ól agus bígí flaithiúil leis!