50 duine le Cruach Phádraig a dhreapadh ar son Phádraig Schäler

Dreapadh 50 cara le Pádraig Schäler, Gael óg a gortaíodh go dona in Cape Cod tamall de bhlianta ó shin, Cruach Phádraig i Maigh Eo an mhí seo chugainn le hairgead a thiomsú don charthanas ‘Caring for Pádraig’. 

Ar an 14 Márta, an deireadh seachtaine roimh Lá Fhéile Pádraig, tabharfaidh cairde an fhir óig faoin gCruach agus súil acu €15,000 a bhailiú ar a shon. Rachaidh gach pingin a bhailítear mar chuid den fheachtas i dtreo Caring for Pádraig, an carthanas a bunaíodh le híoc as an gcostas mór a bhaineann leis an gcúram leighis agus teiripe atá ag teastáil ó Phádraig. 

Leagadh Pádraig dá rothar in Cape Cod in Massachusetts agus é sna Stáit Aontaithe ar J1 in 2013. Rinneadh an-damáiste dá inchinn mar gheall ar an tionóisc agus athraíodh a shaol ó bhun. Tá bealach an athshlánaithe fada agus casta, ach de réir a chéile tá biseach ag teacht ar Phádraig ar go leor bealaí.

Beidh an fear é féin ag dul siar go Maigh Eo deireadh seachtaine na Féile Pádraig agus ceiliúrfaidh sé éacht a chairde tigh Campbell ag bun an chnoic nuair a bheidh an dreapadh déanta. 

Is féidir airgead a dheonú anseo

SCÉALTA EILE