Tá lucht eagraithe na féile ‘BEO — Gaelach agus Bródúil’ ag lorg os cionn 50 maor le cúnamh a thabhairt Dé Sathairn beag seo nuair a bheidh na mílte cainteoir Gaeilge agus lucht a dtacaíochta ag siúl ó Chearnóg Parnell go Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.
Tiocfaidh 16 bus ó gach cearn den tír go Baile Átha Cliath, beidh pobal Gaeilge na hardchathrach féin i láthair agus táthar ag súil go ndéanfadh na céadta a mbealach féin chuig an mórfhéile shráide ó áiteacha eile in Éirinn agus níos faide i gcéin. Tá na mílte dalta scoile agus ball cumainn cláraithe cheana féin don fhéile.
Deir lucht a heagraithe go bhfuil siad sa tóir ar dhaoine “nach mbeidh gafa ag plé le scoileanna nó grúpaí eile cheana féin” ach a bheadh sásta maoirseacht a dhéanamh ar an lá mór. Teastóidh daoine leis an slua a mhaoirsiú, le bheith ag obair le gasúir agus daoine óga, le haghaidheanna a phéinteáil, le breathnú i ndiaidh cúrsaí slándála agus sábháilteachta agus le bheith ag plé le bruscar.
Beidh na maoir ag bailiú ag 9.30 ar maidin agus beidh siad ag teastáil go dtí 16.30 an tráthnóna sin nuair a thiocfaidh deireadh leis an gceiliúradh oifigiúil ar Chearnóg Mhuirfean.
Cuirfear tús leis an mórshiúl ag 13.00 agus siúlfaidh na sluaite go Cearnóg Mhuirfean mar a mbeidh ceol agus siamsaíocht eile ar siúl ar feadh an tráthnóna. Beidh ceardlanna agus “spraoi do theaghlaigh” ar siúl i gCearnóg Mhuirfean féin agus tabharfaidh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn óráid uaidh dá mbeidh i láthair.
Beidh Bláthnaid Ní Chofaigh, Eoghan Mac Diarmada agus Lynette Fay, triúr ambasadóirí Bhliain na Gaeilge ar an ardán chomh maith agus beidh ceol ann ó Scannal, Kíla agus Delorentos.
Beidh ceardlanna ar siúl sa drumadóireacht, sa lámhchleasaíocht, sa scéalaíocht, san ióga, sa damhsa ar an sean-nós agus beidh bia, dráma beag puipéad do ghasúir, agus an fear grinn Giggles i láthair chomh maith, idir 15.00 agus 16.00.
Cuireadh BEO – Gaelach agus Bródúil ar athló an mhí seo caite mar gheall ar an Sneachta Mór a bhí ann ag tús na míosa. Tá Conradh na Gaeilge ag súil le “príomhimeacht Bhliain na Gaeilge” a reáchtáil an deireadh seachtaine seo san ardchathair.
“Beidh ceol, craic agus roinnt óráidí ann chomh maith. Beidh ceol ann ar feadh an mhórshiúil féin chomh maith, tá muid ag súil go mbeidh roinnt ceoltóirí agus grúpaí ceoil ag siúl agus beidh roinnt amhrán á gcasadh againn agus muid ag siúl chomh maith.
“Tá os cionn 50 grúpa éagsúil agus 1,000 duine, idir dhaltaí bunscoile agus meánscoile, chlubanna, Chumann Lúthchleas Gael, chumainn tríú leibhéal, chraobhacha de chuid an Chonartha, chomharchumainn agus ghrúpaí pobail, cláraithe cheana féin. Tá busanna eagraithe fud fad na tíre agus tá léarscáil ar fáil ar shuíomh na féile,” a dúirt Síomha Ní Ruairc, eagraí na féile, le NÓS.
Tá BEO ag teacht i gcomharba ar ‘Lá Mór na Gaeilge’ agus ‘An Lá Dearg’ a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste in 2014 agus in 2017 ach dúirt Síomha gur “ceiliúradh seachas agóid” a bheidh i gceist leis an Lá Mór i mbliana cé go mbeifear ag baint úsáid as an lá le haird a tharraingt ar chruachás na Gaeilge agus na Gaeltachta freisin.
“Is ceiliúradh a bheidh ann agus beimid ag iarraidh ár mbród as an teanga a léiriú ach ag an am céanna sílim gurb í Bliain na Gaeilge an deis is mó atá againn le haird a tharraingt ar na deacrachtaí agus na dúshláin atá roimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. An easpa maoinithe, tacaíochta agus infheistíochta ón Rialtas sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, agus beidh an-chuid daoine ó na meáin ann an lá sin mar sin bheinn ag súil go ndíreofaí air sin freisin. Ní dhéanfar dearmad ar na rudaí sin ar an lá,” a dúirt sí.
Bhí tuairim is 10,000 i mBéal Feirste anuraidh agus thart ar 8,000 i mBaile Átha Cliath ceithre bliana ó shin, ach dúirt Síomha go bhfuiltear ag tuar go mbeidh thart ar 4,000 duine ann i mbliana cé go bhfuil súil aici go dtiocfaidh i bhfad níos mó ná sin.
“Tá mé ar bís don lá – sílim gur an-deis í le taispeáint do pháistí scoile beocht na teanga taobh amuigh den seomra ranga. Tuigim gur lá do gach duine a bheidh ann, do mhuintir na Gaeltachta, do phobal na Gaeilge ach tá roinnt mhaith scoileanna tar éis teacht i dteagmháil linn le rá gur an-deis atá ann a léiriú do pháistí go bhfuil an Ghaeilge beo ar fud na tíre,” a dúirt Síomha.