Tá #Dushlán 2016 faoi lán seoil, an comórtas náisiúnta atá ag déanamh gníomhaithe teanga de mhic léinn ollscoile agus daltaí meánscoile na tíre, ó bhí an lá inné ann.
Seo an dara bliain don chomórtas a bheith á reáchtáil ina gcaithfidh daoine óga 50 gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge taobh istigh de 50 uair an chloig, agus tá muid ag baint an-sult in oifigí NÓS as iarrachtaí na bhfoirne uile atá ag sruthú ar líne faoin haischlib #Dúshlán:
#Dúshlán 35 #Gaeilge @ColPobOsrai pic.twitter.com/6xcvTTu2zD
— stephen quan (@rugbai_lads) February 3, 2016
D’eascair #Dúshlán ón imeacht ‘An Cuardach Craiceáilte’, a reáchtáladh ag Oireachtas na Samhna cúpla bliain ó shin agus a thug ar mhic léinn dul i mbun feasachta, ar bhealach spleodrach spraíúil a rachadh chun tairbhe don teanga.
Dúirt Edel Ní Bhraonáin – Comhordaitheoir na Mac Léinn / Conradh na Gaeilge / Glór na nGael / Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) – atá ag reáchtáil an chomórtais, gur ábhar dóchais é an fás mór atá tagtha ar líon na ndaoine óga atá ag glacadh páirte i mbliana.
“53 foireann a chláraigh anuraidh agus i mbliana tá 132 foireann páirteach ann, déanta de bheirt nó triúr,” arsa Edel.
“Tá os cionn 240 duine cláraithe i mbliana agus iad ag tabhairt faoi réimse leathan gníomhaíochtaí feachtasaíochta ar son na Gaeilge.
“Deis atá ann úsáid a bhaint as seirbhísí i nGaeilge agus seirbhísí a éileamh i mbealach spraíúil.”
Le linn an chomórtais, tugann iomaitheoirí faoi mheascán breá dúshlán a ghnóthaíonn pointí dóibh, thar thréimhse 50 uair an chloig.
Tá duaiseanna ar nós iPad Mini, dearbháin dheasa agus coirn le buachaint acu.
I measc na ndúshlán is simplí, is féidir teagmháil a dhéanamh le stáisiúin raidió Ghaeilge, paicéad Taytos Gaeilge a cheannach (na cinn ghlasa ar a bhfuil pacáistiú Gaeilge nua orthu), amhrán a cheol i nGaeilge, dán a rá nach bhfuil ar an chúrsa ardteiste, moladh a thabhairt do ghnó a bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu agus ailt de chuid Tuairisc.ie agus NÓS a roinnt.
Thaitin an ceann sin linn go mór! 😉
Is léir gur bhain foireann ‘An Bricfeasta Blasta’ sult as an spraoi ar maidin chomh maith.
Tá an chraic ar fad i Stiúideo 2 inniu #BricBlasta @raidionalife #Dúshlán @CaoimheChats @Lochlannach @niamhos pic.twitter.com/Y2vDTi6t01
— Lisa (@lisapingu) February 3, 2016
“Seans go gceapfadh daoine nach fiú an méid sin a dhéanamh ach tá muid ag iarraidh éileamh a thaispeáint go bhfuil muid ann agus gur mhaith linn na seirbhísí seo a úsáid,” arsa Edel.
Tá rudaí níos dúshlánaí chomh maith a thugann ar na rannpháirtithe teagmháil a dhéanamh le polaiteoir nó feisire áitiúil, nó plé le státseirbhísigh i nGaeilge.
Teagmháil le MLA áitiúl ar Facebook,Twitter, r-phost & litir @CllrPaddyMcKee #Dushlán #Gaeilge #F23 @ColPobOsrai pic.twitter.com/mvwaiAd72k
— Mol an Óige #F23 (@molanoige_) February 3, 2016
Tá go dtí 4in amárach na gníomhartha ar fad a chur i gcrích.
Bígí gníomhach! Bígí Gaelach!