7 bhfís le Séamus Ó Conghaile

Ar an lá seo, Domhnach Cásca, 100 bliain ó shin, bhí Séamus Ó Conghaile, sóisialaí réabhlóideach 1916, ag ullmhú lena aghaidh a thabhairt ar an GPO i bPríomhchathair na hÉireann, áit a mbeadh sé ag stiúradh oibríochtaí míleata an Éirí Amach. 

Chreid an Conghaileach go láidir in Éirinn shaor chothrom, mar aon tír amháin.

Poblacht shóisialach a shamhlaigh sé ina mbeadh tithíocht ar fáil do chách, cearta ag mná, oibrithe saor ó ansmacht agus pobal láidir muiníneach ann.

Le himeacht 100 bliain, cad iad na físeanna nár fíoraíodh fós?

Fiosraíonn Ciarán Ó Brolcháin an scéal agus lá Chomórtha na Réabhlóidithe ag greadadh linn. 


1) Cearta Oibrithe

Workers

Is aisteach féachaint ar an naimhdeas a bhfuil á léiriú do thiománaithe LUAS i mBáile Átha Cliath agus mé ag scríobh, deireadh seachtaine na Cásca – daoine feargach ach go háirithe go gcuirfidh bagairt stailce isteach ar chomóradh Éirí Amach 1916.

Tugann sé chun suntais an fhís a bhí ag duine de cheannairí an Éirí Amach chéanna, Séamus Ó Conghaile, fís nár fíoraíodh fós.

Chreid an Conghaileach go diongbháilte i gcearta an lucht oibre teacht le chéile i gceardchumainn lena gcoinníollacha a fheabhsú, agus chuige sin a saothar a tharraingt siar más gá.

Ba é seo an bunús le Frithdhúnadh Mór 1913, nuair a rinne fostóirí Átha Cliath iarracht Ceardchumann Oibrithe Iompar agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU) a thachtadh.

Maireann an troid le hoibrithe a eagrú go fóill inniu, tá naimhdeas na bhfostóirí don cheardchumannachas ag méadú arís, agus tá an cúlú eacnamúil agus an ‘déine’ in úsaid ag rialtais le coinníollacha oibrithe a ionsaí – conarthaí gan uaireanta, srl.

2) Poblacht Shóisialach

Ar ndóigh chreid an Conghaileach go raibh ról ní ba leithne ag gluaiseacht an lucht oibre leis an tsochaí a athrú ó bhun go barr.

“Ní bheidh aon dínit sa lucht oibre go dtí nach bhfuil aon mháistir ag an lucht oibre,” a scríobh sé.

Poblacht shóisialach an sprioc a bhí aige. Córas comharsheilbhe ina mbeadh smacht daonlathach ag na hoibrithe ar a slí maireachtála agus ina dtáirgfí na bunriachtanais mar fheidhm phoiblí seachas mar ábhar brábúis.

Is fiú an aisling seo a choinneáil i gcuimhne anois i ré an phríobháidithe, nuair atá iarrachtaí ar siúl chun uisce fiú a thiontú ina thráchtearra.

3) Aontacht Éireann

Is clúiteach friotal an Chonghailigh faoi ‘charnabhal an fhrithgnímh’ dá roinnfeadh rialtas na Breataine críoch na hÉireann.

Scríobh sé in 1914:

‘Bhuanódh sé an t-achrann atá forleathan anois i bhfoirm a chuifeadh leis an olc, agus chabhródh sé leis na cléirigh agus caipitlithe Oráisteacha agus Náisiúnacha a ngáir chatha a choinneáil os comhair an daonra mar fhocal faire an lae.’

100 bliain ar aghaidh tá seo go fóill ina dhúshlán dúinn.

4) Frith-Sheicteachas

Agus mé ag trácht ar aontacht ni mór a rá nach raibh Ó Conghaile ag caint faoin tír amháin ach faoi mhuintir na hÉireann ina hiomláine chomh maith.

I mí Iúil 1912, agus teannas ag ardú faoi cheist an Rialtais Dhúchais, dhíbir dílseoirí 3,000 oibrí ó longchlósanna Bhéal Feirste. I measc an trí mhíle sin bhí 600 oibrí Protastúnacha.

Bhí an Conghaileach ar an bheagán ceardchumannach sa chathair a sheas an fód in éadan an tseicteachais agus a rinne a dhícheall ar son na n-oibrithe is cuma cén cúlra a bhí acu.

Scríobh sé, “Tuigeann muidne den lucht oibre sóisialach, de bhrí go bhfulaingíonn muid le chéile gur gá dúinn obair le chéile chun leas a bheith againn le chéile.”

5) Cearta Ban

Linda

“Tá an t-oibrí ina sclábhaí ag an tsochaí chaipitleach, tá an t-oibrí ban ina sclábhaí ag an sclábhaí sin.”

Is léir go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag mná le 100 bliain anuas chun comhionannas a bhaint amach, rud a bhí an-tábhachtach don Chonghaileach.

Ach le ceisteanna faoi ionadaíocht sa chóras polaitiúil agus sa saol poiblí, faoi rátaí pá agus fiú faoi smacht a bheith acu ar a gcorp féin, tá saoirse na mban chomh hábhartha inniu mar chúis agus a bhí sé riamh roimhe.

6) Tithíocht

D’fhás Séamus Ó Conghaile aníos i slumaí Dhún Éideann agus chaith sé neart ama ag tabhairt coinníollacha maireachtála an pobail chun solais. Thug sé amach faoi na tiarnaí talún ainchíosa go rialta.

Níl na plódtithe linn níos mó mar a bhí ach níl aon amhras go bhfuil fadhb mhór le cúrsaí tithíochta sa tír seo.

Mar shampla, faoi láthair tá 200 teaghlach i mBaile an Tirialaigh i mBÁC faoi bhagairt díshealbhaithe mar gur cheannaigh Goldman Sachs an iasacht ar an fhorbairt tithíochta s’acu.

7) An Ghaeilge

Is iomaí ceist a ndeachaigh an Conghaileach i ngleic léi le linn a shaoil agus thiocfadh liom leanúint go ceann tamaill eile ag trácht orthu siúd atá go fóill ábhartha inniu.

Ach críochnóidh mé le sliocht ón fhear féin ar cheist na teanga.

“Is é fórsa trom an chaipitleachais príomhnamhaid na hathbheochana Ceiltí inniu, rud a scriosann gach tréith náisiúnta nó cine go dosháraithe, agus le brú a fhorlámhais eacnamúil a íslíonn a leithéid de Ghaillimh nó Baile Átha Cliath, Liotuáin nó Vársá chuig leibhéal drochchóip de Mhanchain nó Ghlaschú…

“Mar sin, deirim lenár gcairde i ngluaiseacht na Gaeilge – tá d’áit cheart i ranganna an Pháirtí Phoblachtaigh Shóisialaigh, ag troid ar son chealú an chórais shóisialta dhamanta seo a chloíonn muid ar bhealach a mhilleann an phearsantacht agus a íslíonn idéil ár muintire go dtí an pointe scanrúil ina mbeadh an lámhscríbhinn is luachmhaire de sheanchas Ceilteach in áit na leathphingine in aice le slisín bagúin.”

Ábhar machnaimh gan amhras i ré seo an domhandaithe.

SCÉALTA EILE