Ábhar ó NÓS curtha le suíomh d’fhoghlaimeoirí Gaelg

Tá ailt Ghaelg de chuid NÓS le fáil anois ar shuíomh an ríomheolaí mór le rá, Kevin Scannell, agus iad curtha in oiriúint dá inneall aistriúcháin, agus súil aige an t-ábhar a úsáid leis an nasc idir an dá Ghaeilge a láidriú. 

Is í colúnaí Gaelg NÓS Isla Callister a scríobh na hailt atá anois ar fáil i dtrí fhoirm ar an suíomh Cadhan.com, agus réimse leathan ábhar faoi chaibidil aici — an ginmhilleadh agus an cogadh ar dhrugaí ina measc. 

Chuir Kevin ailt Isla tríd an ineall aistriúcháin Intergaelic agus rinne “eagarthóireacht éadrom” ar an aschur chun leaganacha anótáilte a chruthú mar áis foghlama do dhaoine le Gaeilge a bhfuil suim acu sa Manainnis. 

“An fhadhb is mó atá ann ná gur i mBéarla atá an chuid is mó den ábhar foghlama atá ar fáil: leabhair, cúrsaí ar líne, agus foclóirí dátheangacha. Tá trí “radharc” ar gach scéal, agus is féidir leis an léitheoir an radharc a athrú ón roghchlár ag barr an leathanaigh. 

“Taispeánann an chéad rogha aistriúchán Gaeilge ar fhocal nó ar fhrása nuair a chuirtear an luchóg os a chionn, taispeánann an dara rogha an buntéacs agus an t-aistriúchán Gaeilge taobh le taobh, agus tá aistriúchán idirlíneach den sórt a fheictear sa teangeolaíocht ar fáil faoin tríú rogha,” a dúirt Kevin. 

Dúirt sé nach ndearna sé iarracht “Gaeilge líofa” a chur ar an téacs, ach gur chloígh sé “go dlúth” le foclaíocht agus le struchtúr na Manainnise, “d’aon turas mar áis d’fhoghlaimeoirí”.  Tá aistriúchán Gaeilge ar fáil ar NÓS cheana féin don té arbh fhearr leis na hailt a léamh i nGaeilge na hÉireann. 

Tá Kevin ag baint úsáide as na haistriúcháin cheana féin mar shonraí traenála do Intergaelic, an t-inneall aistriúcháin a d’fhorbair sé cúpla bliain ó shin. Chuir sé foclóir Manainnise-Gaeilge ar fáil breis agus dhá bhliain ó shin, ina bhfuil breis agus 20,000 ceannfhocal Gaelg ann. Tá sé i gceist ag Kevin cur leis na háiseanna Manainnise amach anseo agus súil aige foclóir Gaeilge-Manainnise a chruthú freisin. Cabhróidh na hailt dhátheangacha seo ó NÓS leis na rudaí sin a bhaint amach.