Is é an crotach an lapaire is mó in Éirinn, agus meastar go bhfuil tuairim is 120 péire goir fágtha sa tír. Thart ar Shlabaí Loch Garman, tugtar an courlie ar an éan mar gheall ar an scréach inaitheanta atá aige. Tá nath cainte sa Bhéarla cheana féin,da a bunaíodh ar dhán an chrotaigh in Éirinn — dúirt Charlie Weston ar The Irish Independent go raibh ar Chumann na gComhar Creidhmheasa teacht cothrom le dáta “or they will go the way of the curlew”, bhí sé ag tabhairt le fios gur fíorannamh a chloistear an ‘cúr-laí cúr-laí’ anois.
Nuair a thacaigh Fianna Fáil leis an mBille Oidhreachta Dé Céadaoin seo caite, chaitheadar an chaidhp bháis agus dhaoradar an crotach, an bhuíóg, roinnt cineálacha glasán agus gealbhan, agus fiú rí na n-éan féin, an dreoilín. Bhí an tAire Josepha Madigan, agus Heather Humphreys roimpi, sásta bualadh le feirmeoirí, le lucht bainte móna agus le Teachtaí Dála neamhspleácha a thacaigh leis an mbille, ach níor tugadh cluas éisteachta do Chairde Éanlaith Éireann nó d’aon dream comhshaoil eile.
Déanfaidh an bille seo leasú ar an Acht um Fhiadhúlra 1976, agus ligfear d’fheirmeoirí aiteann agus fraoch a dhó i mí an Mhárta agus sceacha a ghearradh i mí Lúnasa. Deirtear linn gur ar mhaithe le sábháilteacht bóthair atá seo ag teastáil, ach bhí sábháilteacht bóthair mar eisceacht do shrianta an bhille cheana féin.
An difear a bheas ann amach anseo ná go mbíodh ar chomhlacht reachtúil an gearradh as séasúr a dhéanamh. Anois beidh cead ag gach mac máthar le tarracóir dul i mbun gearradh sceach gan cúram a bheith acu dos na hainmhithe agus éin sna fáil. Beidh cead ag gach uile fheirmeoir sa tír tine a chur le fraoch ar Lá ‘le Pádraig, is cuma má tá caislín cloch ina nead go ciúin ag breith uibheacha.
Tá comhshaol na hÉireann, agus comhshaol an domhain uile, in am an ghátar. Go háirithe théis don Trumpach tarraingt siar ó Chomhaontú Paris, is faoi thíortha beaga tuaithe a thitfidh sé ceannródaíocht a thaispeáint ó thaobh athrú aeráide de. Tá deis againne in Éirinn bheith mar eiseamláir don domhan ar fad faoi conas comhshaol nua-aimseartha a bhainistiú, ach caithfear tosú air sin sa bhaile.
Ní haon mhaith dúinn a bheith ag caint faoi Trump agus a bhfuil i ndán don domhan agus fíneálacha ollmhóra i ndán dúinn féin. Agus ní fiú faic a bheith ag caint faoi ainmhithe an domhain uile agus muid ag fágaint scrios agus ár inár ndiaidh. Cén mhaith Cecil the Lion a chosaint agus 30% de bheacha na hÉireann le bás a fháil roimh 2030?
Agus le barr íoróine a chur ar an scéal, fágfaidh an Bille Oidhreachta seo oidhreacht ina dhiaidh féin — lorg marfach ar thírdhreach an oileáin. Ba lá dorcha é nuair a chuaigh sé tríd an Dáil. Beidh ar an mBille dul tríd an Seanad, ach níl dóchas agam a thuilleadh. Níl fonn troda orm a thuilleadh. An deireadh seachtaine beag seo, seans go dtógfaidh mé mo mhac óg amach go slabaí Loch Gorman agus éistfidh muid do ‘chúr-laí’ an chrotaigh… agus abróimid slán leis.
Is é Peadar Ó Caomhánaigh Urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais. Tá cónaí air i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath.