Bhíos ar bhád mór farantóireachta le déanaí ag dul trasna Mhuir Éireann. Is tábhachtach an turas agam é. Ar nós na mílte eile, thall i London a saolaíodh mé do bheirt imirceach Éireannach. Ábhar machnaimh bheith ag filleadh i dtreo na háite ar saolaíodh mé ach nárbh as mé, ag samhlú mo mhuintire ag tabhairt fén dturas céanna. Bheartaíos, de bharr an mhaoithneachais seo, tús aistir a chaitheamh i mo sheasamh ar deic agus mullaí Bhinn Éadair a fhaire á slogadh ag íor na spéireach.
Theastaigh uaim féachaint cén fhad thógfadh sé ar na faoileáin éirí as bheith ag guardall timpeall an árthaigh siar is aniar, agus filleadh ar chóngaracht an chósta ar chuma eitleog.
Níl samhlaoid is mó i m’aigne ná an fharraige. Ár gcuid amhrán ar maos léi. Gan treabh againn nár ghaibh duine dá sinsear thairsti tráth. D’fhiafraíos d’antraipeolaí cad ba dhóigh leis a thug ar na dreamanna is luaithe an turas a thabhairt an chéad lá. Dúirt sé gur dhóichí gur ag teitheadh a bhíodar.
Más ag teitheadh féin a bhíodar, is le muir atá súil againn ó shin, in am gátair. Is amach i lár an fhiántais a chuaigh ár naoimh sa tóir ar a raibh níos mó ná iad féin, a shamhlaíodar mar “shaol eile” i bhfolach – an Bhreasail – ní sa spéir uachtarach. Thug sí slí bheatha dúinn agus sinn ag cnósach is ag iascach. Ach má thug, is minic a mheabhraigh sí leis neamhbhuaine an tsaoil. Tarlaíonn tionóiscí i gcónaí. Gan le clos ina hamhrán uaigneach ach gol gáire agus geonaíl d’aon ghlam amháin. Idir ghaolta agus chomrádaithe sciobtha aici uainn gan réasún. É ráite riamh i ngaois na sinsear é:
Lagachar coirp agus lagachar aigne
Is lagachar eile bheith dian ar an bhfarraige
Tá an fharraige fiáin agus is í a bhíonn go feargach
Mar is cuma léi siúd cé dhéanfaidh a leaba di
Má thuigeann éinne an gnó so – is é muintir Thoraí é. Iad ag maireachtaint leis na cianta ar oileán caol díreach naoi míle amach ón gcósta – a gcéad chlathacha tógtha ann roimh theacht na Críostaíochta. Sa scannán faisnéise, Oileán Thoraí, deir Rí an Oileáin, Patsy Dan Mac Ruairí, gur cuimhin leis na drochlaethanta. Stoirm a bhuail iad sa bhliain 1974 á bhfágaint ag déanamh dóibh féin gan súil le cúnamh ar bith a theacht ón dtír mhór ar feadh seacht seachtaine agus trí lá.
Is deacair contúirt na farraige a dhearúd agus gálaí gaoithe ag síorbhualadh, cúrán bán ag éirí mar sheile ó íochtair chraois chapaill bhána Mhanannáin Mhic Lir. Ach ní hí an fharraige an namhaid is mó acu. Fórsaí eile atá ag cur todhchaí an phobail seo i mbaol a báite.
Má tá rud ar bith de dhíth orthu – tá bád fónta farantóireachta.
Tá an bád céanna i mbun na seirbhíse le 25 bliain. Ach a cúrsa déanta anois. An conradh a d’fhág fúithi an bealach garbh a thrasnú istigh. An t-am tagtha comharba a fháilt.
Baineadh geit astu nuair a fógraíodh gur seanbhád 43 bliain d’aos a bheadh le seoladh chucu sa chonradh nua. Seo an mhiodóg á cur go feirc i gcroí pobail a bhfuil a dhícheall déanta an daonra 150 duine a chothú. Ocht dteaghlach anois ag bagairt an t-oileán a fhágaint toisc gan sábháilteacht a gclainne deimhnithe leis an gcinneadh.
N’fheadar an raibh comhartha a thuar é?
Ghlac an Taoiseach Leo Varadkar le déanaí páirt san fheachtas ‘Trasna na dTonnta’, chun ceiliúradh a dhéanamh ar ghné idirnáisiúnta phobal na Gaeilge.
Ba léiriú seift an Taoisigh páirt a ghlacadh san fheachtas ar dhá phointe:
i) Tábhacht na farraige mar shiombail go bhfuil an bhunaíocht á húsáid chun leithghabháil chultúrtha a dhéanamh.
ii) A oiread is atá gníomhartha an rialtais chun “an Ghaeilge a chur chun cinn” bunoscionn le fírinne an chruacháis eacnamaíochta ina bhfuil Gaeil in Éirinn.
Ní hí an chéad uair gur bhain míthráthúlacht an Taoisigh gáire dóite asainn. Nár chuaigh sé ar cuairt chuig an Pop Up san ardchathair an lá céanna a d’fhógair sé go raibh Josepha Madigan le ceapadh ina hAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Bliain na Gaeilge… Cá bhfios gurb ea?
Fan inti. Tuilleadh comhthéacs ar barra taoide.
Má bhuaileann tonn taoscach tú – sín do scrogall thairis an ráille;
Anuraidh, foilsíodh ar www.pobal.ie cad iad na toghranna is boichte sa tír de réir dhaonáireamh 2016. Tá léarscáil ann ina bhfuil an tír roinnte ina catagóirí de réir rátaí dífhostaíochta, oideachais agus fáltais. A mórchuid fé mhíbhuntáiste sa chathair ina bhfuilim ag scríobh, Cathair Luimnigh, ach dhá eisceacht le háireamh:
Scainimh i gConamara agus Mín an Chladaigh i dTír Chonaill.
Cad a tharla gur sna ceantracha is mó cainteoirí Gaeilge a bhí na toghranna is deilbhe as os cionn 3,000 ceann eile?
Tá cúis na faidhbe seo ag dul siar go dtí an Tíogar Ceilteach nuair a bheartaigh an rialtas polasaithe nualiobrálacha a chur i bhfeidhm – gur cheart go mbeadh tógáil an mhargaidh ar bharr cadhnaíochta ag an Stát agus gach rud eile le rialú faoina scáth.
Ba ar mhaithe leis an gcleas a bhí go maith as a deineadh é, áfach, iad siúd a bhí chomh teaspúil le moncaithe ar amfataimíní ag gangbangáil Ghlas Ghaibhneach an mhargaidh tithíochta gan coiscín ná liúb.
D’fhág sé go bhfuil geilleagar na hÉireann anois ar an tríú ceann is “domhandaithe” ar domhan. Ach má tá, is ag caolú atá cuid na bpobal dúchais. Ó cuireadh an Déine i bhfeidhm, ghearr an rialtas maoiniú d’ÚnaG ó €25 milliún go dtí €5.7 milliúin idir 2008 agus 2014 agus deireadh curtha le go leor scéimeanna tacaíochta Gaeltachta.
Ní timpiste é go bhfuil an Ghaeltacht agus Luimneach i gcruachás. Orthu a thiteann sé íoc as éagóir na bunaíochta.
Táimse ar thaobh bád eile anois. Ag luascadh is ag longadán. Na faoileáin bailithe leo. Níl an fharraige ina léinseach – ach í suaite. Níl ach signal lag ar an raidió. Glór Phadaí uí Dhufaigh le clos ag rá go bhfuil muintir Thoraí dubh dorcha, cosúil leis an aimsir, gan dóchas go dtiocfaidh éinne dá dtarrtháil.
Craolaim glaoch mayday is gan fhios cé chloisfidh é i measc an torainn bháin:
…
A chairde
Tá an t-anfa mór buailte linn, is fíor.
Cad ab áil linn ag caint ar chearta, ar theanga, ar Ghaelphobal, ar Bhliain na Gaeilge muna dtógfaimid seasamh ar son Thoraí? Níl uathu ach bád socair chun iad a thabhairt slán Trasna na dTonnta, sin uile. Caithfimid a thaispeáint don rialtas nach ligfimid dóibh an t-oileán a bhánú níos mó.
Impím oraibh teacht go Baile Átha Cliath an 14 Feabhra chun fáilte a chur rompu ar a dturas aduaidh, gur mhinic a dheineadar amhlaidh do Ghaeil an Domhain laethanta breátha samhraidh.
Muna seasfaimid le chéile chun beart a dhéanamh, ní fhágfar d’oileán ár ndúchais ach creig i lár na farraige i measc éanacha na mbeann.