Tá mé anseo le hinse daoibh faoi fhéile óg darb ainm Liú Lúnasa, atá á heagrú ag Gaeil óga i mBéal Feirste.
Beidh sé ar siúl idir 24- 28 Lúnasa agus tá fáilte roimh chách teacht agus bheith páirteach inti.
Beidh neart rudaí éagsúla ag tarlú i rith Liú Lúnasa, idir cheolchoirmeacha, cheardlanna, dhianchúrsaí Gaeilge, imeachtaí teaghlaigh agus imeachtaí eile nach iad.
Tá clár den scoth réidh le teacht agus seinm, ina measc Nell Ní Chróinín, Gráinne Holland, Dysania, Bréag, Boss Sound Manifesto, Rís, Emma Ní Fhíoruisce agus JJ Ó Dochartaigh.
D’eagraigh muid an fhéile seo den chéad uair anuraidh agus d’éirigh go hiontach leis.
Bhí muid ag iarraidh cur leis i mbliana agus le bhur gcuidiú beimid ábalta sin a dhéanamh.
Bhí cúpla cúis ann ar eagraigh muid an fhéile ach go bunúsach bhí muid ag iarraidh roinnt craice a bheith againn agus daoine a thabhairt le chéile, agus é sin ar fad i nGaeilge.
Go pearsanta, níor labhair mé féin agus mo chuid cairde Gaeilge le chéile ariamh go dtí gur fhág muid an scoil.
Nós aisteach é sin, admhaím, ach ní annamh.
Ní go ndearna muid ár rud féin den teanga, go dtí gur ghlac muid seilbh uirthi, gur athraigh an nós sin.
Is ansin a thuig muid cén fáth nár labhair muid Gaeilge.
Caithfidh deiseanna sóisialta a bheith ar fáil do dhaoine óga lena gcuid féin a dhéanamh den teanga.
Anuraidh, d’eagraigh muid cruinniú agus d’aimsigh muid nach raibh muid linn féin.
Bhí neart Gael eile a mhothaigh nach raibh go leor imeachtaí ar fáil dóibh nó deiseanna a gcuid Gaeilge a úsáid agus sin an fáth ar shocraigh muid Liú Lúnasa a eagrú.
Táimid ag iarraidh beocht úr a thabhairt do shaol sóisialta na nGael anseo i mBéal Feirste agus tá bhur gcuidiú de dhíth orainn sin a dhéanamh.
Níl aon mhaoiniú faighte ag Liú Lúnasa agus táimid ag brath go hiomlán ar na Gaeil!
Tá feachtas sluamaoinithe tosaithe againn ag an deireadh seachtaine agus tá go dtí an 25 Meitheamh againn an t-airgead a bhailiú.
Caithfidh muid £5,000 a bhaint amach nó ní bhfaigheann muid faic, tada, neamhní.
Ní hamháin go mbeidh tú ag tacú le Liú Lúnasa, ach beidh tú ag tacú le ceoltóirí Gaeilge, le healaíontóirí, le teaghlaigh Ghaelacha agus le fás na Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga.
Má éiríonn le Liú Lúnasa is cinnte nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh féile dá macasamhail i do cheantar féin nó go mbeidh éileamh níos mó ar mhórfhéile náisiúnta amach anseo.
Tacaigí linn más féidir leat agus bígí i dteagmháil linn más mian libh a bheith páirteach!
Táimid ag ‘liú’ linn agus níl muid díomhaoin níos mó.
Tacaigí linn anseo.