Tá deireadh leis an gcath cúirte a bhí ar bun le beagnach dhá bhliain anuas i mBriotáin na Fraince maidir le hainm dúchais a tugadh ar bhuachaill i gcathair Kemper agus é deimhnithe ar deireadh ag Cúirt Achomhairc Rennes gur ceadmhach do thuismitheoirí ainmneacha Briotáinise a bhfuil an t-aiceann ˜ (tilde) iontu a thabhairt ar a leanaí.
Rialaigh an chúirt inniu gur féidir le Fañch Bernard, a rugadh ar an 11 Bealtaine 2017, a thilde a choinneáil ina ainm go hoifigiúil agus mheabhraigh do na húdaráis gur ceadaítear an t-aiceann i sa bhFraincis cheana, agus go bhfuil sé le feiceáil i bhfoclóir oifigiúil an Academie Français.
Dúirt an chúirt freisin gur cláraíodh páiste darbh ainm Fañch in Rennes in 2002 agus in Paris in 2009, rud a d’fhág nach bhféadfaí diúltú don Fañch seo i Kemper.
Nuair a rinneadh iarracht ainm Fañch a chlárú an chéad lá, dhiúltaigh an t-oifigeach clárúcháin in Kemper glacadh leis an tilde, agus dúirt gur tugadh ordú i gciorclán a scaip státseirbhís na Fraince in 2014 nach raibh an ñ ceadaithe ar ainmneacha dílse. Maíodh nach nglacfaí ach le 16 aiceann — an síneadh fada, an síneadh gearr, umlaut na Gearmáinise agus ceanna eile nach iad ina measc.
Chuir a thuismitheoirí, Jean-Christophe agus Lydia Bernard, agus roinnt polaiteoirí Briotánacha, in aghaidh an diúltaithe. Tosaíodh achainí ar líne le hiallach a chur ar lucht riaracháin glacadh leis an ainm dúchais, agus tugadh cead don lánúin ‘Fañch’ a chlárú. Eisíodh cárta aitheantais do Fañch Bernard.
Nuair a ceadaíodh an t-ainm ar dtús rinne Halla na Cathrach ráiteas inar dúradh nach raibh aon chúis “dlí ná daonna” nach bhféadfaí an tilde a thabhairt do Fañch, aiceann “nach bhfuil fánach ná gan tábhacht”.
Dúradh nach leor an ciorclán mar bhunús dlí leis an ainm a dhiúltú agus tagraíodh do reachtaíocht eile, a bhfuil seasamh níos tábhachtaí aige i ndlí na Fraince — an bunreacht.
De réir Alt 75 den bhunreacht, “is cuid d’oidhreacht na Fraince iad na teangacha réigiúnacha”, agus tagraítear don “saorthoil” atá ag tuismitheoirí maidir le hainmneacha a leanaí a thugtar in Alt 57 de Chód Sibhialta na tíre. Luadh freisin rialú a rinne an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in 1996 go bhfuil an t-ainm a roghnaíonn tuismitheoir dá pháiste an-phríobháideach agus an-speisialta.
Ainneoin an ráitis sin, chinn an chúirt i Kemper an cead a tugadh a tharraingt siar mí Mheán Fómhair na bliana caite. D’iarr Halla na Cathrach, i bhfianaise an chinnidh, ar thuismitheoirí Fañch ainm eile a roghnú dá mac, nó an t-ainm a litriú gan an tilde ar an ’n’ — Fanch. Níor ghlac na tuismitheoirí leis na treoracha sin agus choinnigh siad orthu ag troid.
“Seo an bealach a litrítear an t-ainm. Athraíonn an litir seo foghraíocht an ghuta a thagann roimhe. Dúradh linn go mbeadh orainn an t-ainm a athrú. Tá a fhios ag gach mac máthar sa Bhriotáin gur mar sin a litrítear an t-ainm!” a dúirt an t-athair.
Thacaigh Comhairle Chultúir na Briotáine leis an lánúin agus mhaígh go raibh an tilde in úsáid sa bhFrainc leis na cianta, sna mionteangacha a labhraítear agus a labhraítí ar fud na tíre.
“Cé go bhfuil an tilde anois imithe ón bhFraincis chaighdeánach, tá sé i bhféitheacha na teanga agus maireann sé fós i dtraidisiúin liteartha na Briotáine, Thír na mBascach, Gallo agus áiteanna eile ina labhraítear mionteangacha,” a dúirt uachtarán na Comhairle Bernez Rouz.
Tá an tilde in úsáid go forleathan sa Bhriotáinis, áfach, agus is ainm réasúnta coitianta é ‘Fañch’ sa teanga sin. Úsáidtear an t-aiceann i mionteangacha eile na Fraince chomh maith, an Bhascais agus an Chorsaicis mar shampla, agus tá sé coitianta go maith in ainmneacha Bascaise.
Is leagan ceana den ainm Frañsez (an leagan Briotáinise de ‘Proinsias’ na Gaeilge’) é Frañch. Is iomaí Briotánach darbh ainm ‘Frañch’ a bhain cáil amach i gcaitheamh na mblianta, an rothaí Fañch Favé, a bhuaigh Railí na Fraince i 1930; an t-iriseoir Fañch Broudig, atá ina uachtarán ar Emgleo Breiz, eagraíocht a chuireann an Bhriotáinis chun cinn; an scríbhneoir Fañch Peru; agus an t-ealaíontóir Fañch Le Henaff.