Ainm (Gaelach) in airde!

Tá feachtas nua a mhol úsáideoir Twitter as Contae Aontroma ar maidin ag dul i bhfeidhm ar chainteoirí Béarla a thacaíonn leis an éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh. Tá cainteanna ar bun arís inniu idir páirtithe Chnoc an Anfa agus ionadaithe ó Theach Laighean agus Westminster le hinstitiúidí an Tuaiscirt a chur ar bun arís.

Mhol Leah Rea inniu go gcuirfeadh úsáideoirí Twitter a n-ainmneacha i mBéarla agus i nGaeilge ar an suíomh le seasamh gualainn ar ghualainn le lucht feachtais teanga atá ag iarraidh go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangach, Béarla agus Gaeilge, faoi Acht Teanga. Moltar i ngach cáipéis a réitíodh go dtí seo faoin reachtaíocht teanga gur chóir go mbeadh comharthaíocht phoiblí áirithe i nGaeilge.

Tarraingíodh aird arís ag an deireadh seachtaine ar cheist na comharthaíochta dátheangaí agus an “iachall” a bheadh ann iad a chrochadh ar fud an Tuaiscirt, beag beann ar an bpobal a mhaireann i gceantracha faoi leith. Dúirt Janet Muller ón eagraíocht POBAL nár chóir an rogha a thabhairt do shráideanna agus bailte áirithe gan comharthaíocht dhátheangach a chruthú mar gheall ar an mbaol go ndéanfaí “geiteo” d’áiteacha a bhfuil an chomharthaíocht sin iontu nó go n-úsáidfí an chomharthaíocht le “teorannacha” a léiriú.

Dúirt Leah, a chuir an leagan Gaelach ‘Léá Ní Riabhaigh” lena cuntas Twitter ar maidin, le NÓS go raibh “teanga ina leathphluc” aici agus í á mholadh ach go raibh “teachtaireacht dháiríre” leis an moladh.

“Ba ag tagairt do na cainteanna [i gCnoc an Anfa] a bhí mé agus na scéalta go dtiocfaí ar réiteach éigin inniu, agus don chaint uilig ag an deireadh seachtaine faoi chomharthaíocht dhátheangach. Táthar ann a gcuireann an chomharthaíocht faitíos orthu agus, don lá mór atá ann, shíl mé go mbeadh sé go maith dlúthpháirtíocht a léiriú do lucht feachtais teanga agus fosta a léiriú do dhaoine eile nach bhfuil aon bhaol i gceist leis an dátheangachas. Athraíodh ainmneacha inniu agus níor thit an domhan as a chéile, níl aon chúis faitíos a bheith ar dhuine roimh an dátheangachas,” a dúirt sí.

Rinneadh roinnt athghiolcacha ar bhunghiolc Leah ach thug sí le fios do NÓS go bhfeiceann sí daoine eile ag cur a moladh chun cinn ar a gcuntas féin agus go bhfuil a n-ainm athraithe ag go leor dá cairde agus daoine eile cheana féin.

“Ón méid a chímse ar m’amlíne, táthar á dhéanamh agus ceapann muintir Bhéal Feirste go háirithe gur maith an smaoineamh é. Chím go bhfuil daoine ag cur ceisteanna faoina n-ainm féin agus ag fáil eolas ar an nGaeilge agus an nasc pearsanta atá acu féin léi. D’fhiafraigh cara liom as Oirthear Bhéal Feirste ar a leantóirí leagan Gaeilge dá ainm a sholáthar mar níor tugadh aon eolas dó ar scoil faoin mbunús Gaelach a bhí leis,” a dúirt sí.

Dúirt Leag cé gur “foghlaimeoir fonnmhar” í agus nach bhfuil an teanga sealbhaithe aici go fóill go dtacaíonn sí go láidir leis an éileamh ar Acht Gaeilge agus gur mhaith léi go bhfeicfeadh daoine a chuireann in aghaidh a leithéid gur “rud normálta” atá ann.

“Ba cheart go mbeadh reachtaíocht teanga ann. Aithnítear an Ghaeilge go hoifigiúil anseo agus ní chím an chúis nach gcuirfeadh muid reachtaíocht mar atá ann ó dheas i bhfeidhm. Dhéanfadh sé normalú ar an teanga do dhaoine nach gceapann gur rud normálta é. Ba cheart níos mó measa agus níos mó aitheantais a thabhairt dár gcultúr roinnte,” a dúirt sí.

Mhol sí cur chuige Linda Ervine in Oirthear Bhéal Feirste go mór agus dúirt gur chóir níos mó dá leithéid a chur ag obair le pobail aontachtacha leis an nasc pearsanta atá acu mar phobal leis an teanga a mhíniú agus cabhrú leo tuiscint níos fearr a fháil uirthi.

Tá ag éirí go maith le feachtas Leah agus roinnt cuntas le feiceáil, go mór mór cuntais atá lonnaithe sna Sé Chontae, a bhfuil ainmneacha dátheangacha orthu.

SCÉALTA EILE