Sa leabhar Triple Package: What Really Determines Success déantar anailís ar na fáthanna go bhfuil rath chomh mór sin ar ghrúpaí cultúrtha faoi leith sna Stáit Aontaithe ó thaobh ioncaim, torthaí acadúla agus stádas na ceirde atá acu. Tá éirithe thar cionn leis na Mormannaigh in earnáil an ghnó, cuir i gcás. Laistigh d’aon ghlúin amháin, tá na Cúbaigh tagtha slán ó shaol anróiteach an inimircigh agus iad go maith as anois. Baineann na Nigéaraigh dochtúireachtaí amach ag rátaí an-ard ar fad. Tá teacht isteach i bhfad níos airde ag na hIndiaigh, na Giúdaigh agus na Sín-Mheiriceánaigh ná Meiriceánaigh eile.
Is cosúil go bhfuil tréithe comónta ag na grúpaí sin a dhealaíonn iad amach ón gcuid eile den tsochaí agus a chabhraíonn leo éirí “os cionn na coitiantachta”.
Luaitear trí phríomhthréith chomónta ag na mionghrúpaí cultúrtha sa leabhar — an coimpléasc uaisleachta, creideann siad go láidir gur dream as an ngnáth iad; an easpa muiníne, an paradacsa atá ann ná go gcreideann na pobail seo go bhfuil siad níos fearr ná grúpaí eile ach nach bhfuil siad chomh maith leo ag an am céanna; agus an féinsmacht, tá na grúpaí seo in ann guaim a choinneáil orthu féin.
D’fhéadfadh na Gaelscoileanna mórán a fhoghlaim ó na grúpaí seo. Óir is pobail iad na Gaelscoileanna atá scartha amach cheana féin agus roinnt de na tréithe neamhchoitianta céanna acu. Ba mhian le naimhde na Gaeilge náire a chur ar Ghaelscoileanna as a bheith “éilíteach” ach sílim féin gur chun leas na nGaelscoileanna a rachadh sé na tréithe neamhghnácha atá acu a chothú agus a fhorbairt.
Coimpléasc uaisleachta
Tá coimpléasc uaisleachta ann cheana féin i nGaelscoileanna. Bhí sé mar mhana catha againn i m’iar-Ghaelscoil féin “is daoine uaisle muidne” a chanadh in ard ár ngutha ag cluichí peile agus iomána. Thuigeamar go raibh rud éigin as an ngnáth nó fiú aisteach ag baint le bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge ach b’ábhar mórtais é freisin a chothaigh comhluadar agus spiorad scoile.
Ar ndóigh, nílimid ag iarraidh sotal intleachtúil ná éirí in airde a chothú i ndaltaí, ach nach cúis bhróid é go n-éiríonn chomh maith sin leis na Gaelscoileanna, agus nár cheart é sin a chur i gcuimhne do dhaltaí uaireanta? Ní ghearrtar táillí iontu ach faightear scoth na dtorthaí acadúla iontu, inchurtha leis na scoileanna príobháideacha. Is éacht é sin, go háirithe nuair a chuimhnítear ar an mbreis oibre atá ag teastáil don teagasc trí Ghaeilge. Tá rud éigin eisceachtúil, speisialta ag baint leis, agus uaireanta ní haon dochar é sin a cheiliúradh.
Easpa muiníne
Níl aon amhras ach go mbíonn easpa muiníne ar lucht na Gaeilge go minic. Tugtar fogha fúinn agus maslaítear ar na meáin muid. Cuirtear i gcomparáid muid leis na Naitsithe nó leis an Talaban, cuir i gcás. Anuas air sin, níl aon dabht ach go gcuireann an náire iarchóilíneach isteach orainn ar fad, fiú más go neamhchomhfhiosach féin é. Baineann sé seo leis an tuairim nach bhfuil luach ná fiúntas ag baint lenár gcultúr ná teanga féin agus gur cheart dúinn glacadh le forlámhas cultúrtha agus teangeolaíoch an choilínigh.
Tá an easpa muiníne chéanna ag mionghrúpaí cultúrtha Mheiriceá, ach tagann siad i dtír air dá leas féin. Spreagann an frith-Sheimíteachas na Giúdaigh i mbun gnímh — ceapann siad gur gá dóibh stró breise a chur orthu féin chun teacht slán i ndomhan atá claonta ina gcoinne.
D’fhéadfaí an meon céanna a chothú i nGaelscoil. Tá go leor daoine ann nach bhfuil ach drochmheas acu ar phobal na Gaeilge agus a chaitheann anuas orainn, a deir gur cur amú ama é plé le teanga “mharbh”. Seachas bheith ag tabhairt amach faoi nó ceann faoi a bheith orainn, b’fhearr dúinn daltaí a spreagadh chun iad féin a chruthú don saol chun tuairimí frith-Ghaeilge a bhréagnú.
Féinsmacht
Ní mór do dhaltaí Gaelscoile guaim mhór a bheith orthu chun cloí leis an nGaeilge agus gan géilleadh don Bhéarla. Tá sé deacair amhlaidh a dhéanamh nuair atá an popchultúr Angla-Mheiriceánach á mealladh i dtreo an Bhéarla agus an saol mór lasmuigh den scoil ag brú isteach ar an nGaeilge. Ach tig linn féinsmacht agus dílseacht don Ghaeilge a chothú i ndaltaí trí bhuntáistí an dátheangachais a chur ar a súile dóibh: saol cultúrtha níos saibhre, sochair chognaíocha fhadtéarmacha, agus torthaí acadúla níos fearr!