Luaigh mé in alt eile an scrios teangeolaíoch atá á dhéanamh ag an ‘Meiriceáinis’ agus an eagla atá ann go slogfaidh sí siar teangacha agus canúintí eile mura gcuirtear srian uirthi.
Is iomaí duine a deir nach bhfuil neart againn ar theacht chun cinn na ‘Meiriceáinise’, áfach, gurb é nádúr na dteangacha go n-athraíonn siad ó ghlúin go glúin ar aon nós agus gurb iad na teangacha nó na canúintí is láidre a thagann slán más olc maith linn é. Ní fiú dúinn cur i gcoinne an tionchair as cuimse atá á imirt ag an ‘Meiriceáinis’ ar fud na cruinne, dar leo, mar gur próiseas nádúrtha é éabhlóid nó bás teanga.
Tá dul amú ar na tráchtairí cáinteacha sin. Ní éabhlóid nádúrtha atá ag teacht ar na mionteangacha atá ag fáil bháis — tá siad á mbá ag rabharta na mórtheangacha. Tá canúintí réigiúnacha ag dul i léig freisin. Tá Béarla Shasana ag athrú ar luas níos tapúla ná riamh, agus canúintí a bhí ann leis na cianta cairbreacha sa Bhreatain agus in Éirinn ag dul as laistigh de chúpla glúin agus tuin Mheiriceánach ag teacht ar chaint na ndaoine.
Nach cuma, a fhiafraíonn daoine eile, gurb iad na Meiriceánaigh atá i gceannas ar chinniúint an Bhéarla anois? Nach é an t-aon teanga amháin a labhraíonn Béarlóirí ar fud an domhain ar aon nós, pé acu más Astrálaigh, Sasanaigh, nó Éireannaigh atá i gceist? Nach miondifríochtaí ar bheagán suntais atá eatarthu?
Is é a deir Engel, údar That’s the Way it Crumbles: the American Conquest of English, mar fhreagra ar na ceisteanna thuas ná nach mbaineann meath na gcanúintí Béarla le cúrsaí teanga amháin, ach le meon, nósanna agus stair an phobail freisin.
Is as popchultúr Mheiriceá is mó a fhoghlaimítear an ‘Mheiriceáinis’: téann an popchultúr seo go mór i bhfeidhm orthu siúd atá gafa leis, rud a chiallaíonn go n-éiríonn siad níos cosúla leis na Meiriceánaigh agus go gcailleann siad cuid dá sainiúlacht náisiúnta féin.
An t-aon chaoi go bhféadfaí canúintí réigiúnacha an Bhéarla a thabhairt slán, dar le hEngel, ná dá leanfadh cosantóirí na teanga sampla daoine eile ar éirigh leo bac a chur ar athruithe sóisialta nár thaitin leo. Díol suntais do phobail na mionteangacha is ea an cur síos moltach a dhéantar sa leabhar ar chur chuige “Gandhi na Breataine Bige”, Gwynfor Evans, polaiteoir náisiúnaíoch a throid ar son stáisiún teilifíse don Bhreatnais a bhaint amach trí stailc ocrais a bhagairt ar rialtas Westminster.
Duine eile atá ina foinse inspioráide don údar is ea an gníomhaí sóisialta Mary Whitehouse a chuir i gcoinne na gáirsiúlachta ar an teilifís ó na 1960idí ar aghaidh. Cé gur ábhar fonóide a bhí in Whitehouse ar dtús agus cé nach dtacaíonn Engel le roinnt dá cuid tuairimí coimeádacha sóisialta, tá meas aige ar an gcur chuige a bhí aici agus ar an díograis a bhí inti troid ar son a cúise. Is cosúil go ndearna léiritheoirí teilifíse laghdú ar an ngáirsiúlacht ina gcláir chun raic le leithéidí Whitehouse a sheachaint.
An tríú duine a mholann Engel mar ghníomhaí éifeachtach ar son a chúise is ea Noah Webster, údar an fhoclóra cháiliúil Mheiriceánaigh ón 19ú haois, foclóir atá fós in úsáid sa lá atá inniu ann. D’éirigh le Webster sainiúlacht na ‘Meiriceáinise’ a bhuanú — eisean is cúis le modh litrithe éagsúil i Meiriceá ar nós honor in áit honour — agus d’éirigh leis féinmhuinín agus bród na bPoncánach a adhaint ina leagan féin den Bhéarla i dtéacsleabhair scoile a bhíodh in úsáid ar feadh i bhfad.
An rud is mó a bhí ag na díograiseoirí sin ar fad ná gur dhiúltaigh siad géilleadh don tuairim chloíte “nach bhfuil aon neart againn ar an scéal”. Níor ghlac siad leis gur rud “nádúrtha” a bhí ann go rachadh rudaí i léig. An bhfuil aon cheacht le foghlaim againn Gaeil uathu, dar leat?