An Mionsciorta Vs An Dlí


Gnáthrud a bheadh ann i mbeagnach gach tír eile ar domhan.

San Araib Shádach áfach tá sé in aghaidh an dlí, agus tá fiosrúchán ar bun.

Cad é an choir uafásach seo atá déanta mar sin?

Bhuel tá bean tar éis siúl tríd an seanbhaile Ushaiger (أشيقر) i lár na tíre agus mionsciorta á chaitheamh aici, agus tá físeán den eachtra foilsithe aici ar líne.

Tá an scannán gairid (thuas), a uaslódáladh ar Snapchat i dtosach, scaipthe anois go forleathan ar fud an ghréasáin agus tá conspóid mhór tosaithe aige san Araib Shádach féin.

De réir dhlí na tíre, atá bunaithe ar Dhlí Sharia, níl cead ag bean a craiceann a thaispeáint go poiblí sa dóigh seo agus is éigean di róbaí fada dorcha agus ar a laghad seáilín a chaitheamh thar a cloigeann.

Táthar ann atá ag iarraidh ar na húdaráis an bhean – ar mainicín í a dtugann Khulood uirthi féin is cosúil – a ghabhadh agus a chur os comhair na cúirte.

Tá an chuma ar an scéal áfach nach miste le Khulood bheith aitheanta ón fhíseán mar is féidir a haghaidh a fheiceáil i scannáin eile atá foilsithe aici ar líne.

Ina measc siúd atá ag tacú léi tá an scríbhneoir agus fealsúnaí, Wael al-Gassim, a dúirt go raibh cuid den aisfhreagra diúltach atá faighte ag an scéal áiféiseach ar fad.

“Shíl mé gur bhuamáil nó gur mharaigh sí duine éigin,” ar seisean le nuachtán áitiúil.

Sin ráite, tá alltacht agus samhnas ar go leor san Araib Shádach agus tá na póiliní ag fiosrú an cháis.

Tagann físeán seo Khulood seacht mí i ndiaidh go ndeachaigh scannán eile a thug dúshlán na n-údarás sa tír go mór i bhfeidhm ar an phobal, san Araib Shádach agus go hidirnáisiúnta.

Léiríonn an scannán ceoil ‘Hwages / هواجيس’ (a chiallaíonn coincheap ar nós ‘imní’) mná ag clárscátáil, ag imirt cispheile agus ag damhsa, rudaí nach mbeadh aon ghlacadh leo sa tír de ghnáth.

Físeán sultmhar ach cumhachtach é a chaitheann solas ar an tsochaí choimeádach ina bhfuil ceannas ag fir agus dealraíonn sé ó na radharcanna atá gnóthaithe aige – 14 milliún go dtí seo – go bhfuil lucht éisteachta ag an teachtaireacht.

I bhfianaise eachtra nua an mhionsciorta, tá seans ann go bhfuil an lucht éisteachta sin ag iarraidh níos cróga agus níos líonmhaire.

SCÉALTA EILE