Scéal ó Shamhain go Bealtaine atá i scéal casta na haiteachta in Éirinn, scéal nach bhféadfadh an scríbhneoir seo cothrom na Féinne a thabhairt dó san alt beag seo. Cé nach feiniméan nuachumtha é an aiteacht nó an homaighnéasachas, is ciotach an bóthar a shiúil an duine aiteach ó dheireadh an 19ú haois i leith.
Bhí an homaighnéasacht ar cheann de na débats de société is treise ó shin i leith. Agus muid ag ceiliúradh, agus, dar liomsa, ag comóradh, Bród 2018, ba cheart dúinn machnamh a dhéanamh ar an staid ina bhfuil muid agus na buaicphointí comhaimseartha staire a bhaineann le stair na homaighnéasachta agus na haiteachta in Éirinn.
Cé go bhfuil cáil ar chás cúirte an scríbhneora Oscar Wilde toisc gur caitheadh solas ar an homaighnéasacht mar choir nuair a cúisíodh é in 1895, bhí dlíthe éagsúla coimeádacha Sasanacha i bhfeidhm ar Éirinn a chuir bac agus srian ar phobal na homaighnéasach go hiomlán.
Chonacthas i stair na tíre ón gcéad seo caite an chaoi ar caitheadh le daoine homaighnéasacha ar nós Roger Casement, Kate O’Brien, agus Eva-Gore Booth agus an chaoi a raibh míchompord ar leith ag baint leis an homaighnéasacht in Éirinn.
B’ábhar imní é do ghluaiseacht an náisiúnachais é nuair a tháinig dialanna phearsanta Roger Casement chun solais. Léiríodh iontu go raibh dúil ag Casement i ngníomhaíochtaí collaí homaighnéasacha. Ba le linn a thrialach a scaoil Scotland Yard na dialanna leis an bpobal le míchlú a tharraingt air. Pléadh a mhianta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus meastar go raibh baint mhór ag na dialanna lena dhaoradh chun báis chun báis in 1916. Bhí an aiteacht, den chuid is mó, ina tost go sóisialta agus go dleathach – rud a d’fhág a rian ar Éirinn ina dhiaidh sin.
Ba léir go raibh rian na ndlíthe coimeádacha, agus meon an phobail ina leith, le feiceáil fós in Éirinn sna 1980í. Bhí na Gardaí i mbun fiosrúcháin maidir le dúnmharú Charles Self, dearthóir, fear aerach agus gníomhaire do chearta na haiteachta, a bhásaigh agus é sa bhaile in 1982. Mar chuid de na fiosrúcháin, cuireadh tuairim is 1,500 fear faoi agallamh, glacadh pictiúir díobh agus glacadh aithint ó mhéarloirg uathu. Sa mhullach air sin, cuireadh ceisteanna príobháideacha orthu maidir lena ngníomhaíochtaí collaí agus iarradh orthu ainmneacha agus seoltaí baile homaighnéasach eile a thabhairt.
Anuas air sin, chuaigh cás na homaighnéasach in olcas an bhliain chéanna nuair a dúnmharaíodh fear óg tríocha bliain d’aois a bhí amuigh ag siúl i bPáirc Fhionnradhairc in 1982, suíomh aitheanta crúsála i mBaile Átha Cliath. Chuaigh scuaine d’fhir óga sa tóir ar fhear óg darbh ainm Declan Flynn, fear a bhí aitheanta go maith ag pobal na haiteachta in Éirinn. Nuair a tháinig an dream ar Flynn, leadradh go dona é agus bhásaigh sé tamall ina dhiaidh sin. Cuireadh na pionóis ar fionraí don ghrúpa fear a d’eagraigh “…victory march in Fairview Park shouting “we are the champions”….” leis an gcás cúirte a cheiliúradh.
Bhí sé mar aidhm ag an seanadóir David Norris agus an t-abhcóide Mary Robinson cosaint bhunreachtúil a bhaint amach do homaighnéasaigh na tíre ag breathnú go háirithe ar an bpríobháideachas ó na 1980í i leith. Faraor, theip ar a gcás cúirte in aghaidh an stáit. De réir mar a mhínigh an Tiarna Príomh-Bhreitheamh C.J. O’Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”.
Mar thoradh air sin, dhírigh Norris agus Robinson, ar Éirinn a thabhairt go dtí an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) sa bhliain 1988. Dea-thoradh a bhí i ndán do Norris nuair a d’aontaigh an ECHR leis agus le Robinson nuair a mhaígh siad nach raibh de cheart ag Éirinn dlíthe den chuma sin a chur i bhfeidhm.
Tháinig cothromaíocht i bhfeidhm idir homaighnéasaigh agus heitrighnéasaigh i dtaobh rialacha collaíochta ar an 23 Meitheamh 1993. Athrú poirt a ghlac an Stát i leith na collaíochta tar éis brú sochaíoch agus cultúrtha ón Eoraip agus go náisiúnta. Athrú suntasach ab ea é seo i leith na homaighnéasachta in Éirinn go sóisialta ó bhunú an Stáit go díchoiriúlú na collaíochta sa bhliain 1993 nuair a ritheadh an Bille um Chionta Gnéasacha.
Athruithe suntasacha cultúrtha a bhí ann sna 1990í agus normálú déanta ar an homaighnéasacht in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Cé gur tháinig cearta páirtnéireachta chun cinn leis an Acht um Chearta Sibhialta in 2010, bhí cothromas pósta de dhíth ar an scátheagraíocht Yes Equality. Is mar chuid lárnach den fheachtas ar son an reifrinn a cuireadh tús le feachtas Tá a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a lárnú mar ghné sna hargóintí. Is de thoradh air sin a léiríodh scéalta pearsanta mhuintir na haiteachta i saol na Gaeilge; a gcúlraí, a scéalta agus a dteagmháil leis an saol mór. Is ar an 22 Bealtaine 2015 a tugadh an deis do mhuintir na hÉireann a vótaí a chaitheamh ar son nó i gcoinne an chomhionannais phósta. Is ar son an rúin a chaith 62.07% den tír a vóta.
Anuas ar an obair atá déanta ag eagrais éagsúla, is gá an dul chun cinn atá déanta ag an bpobal trasghnéasach a chur san áireamh. Ba iad cúram sláinte agus aitheantas oifigiúil a fháil dá n-inscní príomhspriocanna an phobail seo. Throid an Dr Lydia Foy, laoch mór an phobail, i gcoinne an stáit chun teastas breithe nua a fháil a léirigh an inscne a bhí aici. Ba in 2015 a cuireadh an tAcht um Aitheantas Inscne i bhfeidhm a lig d’éinne a dteastas breithe a athrú bunaithe ar a dtuiscint féin ar an inscne. É sin ráite, tá obair fós le déanamh don phobal aiteach agus ilghnéithneacht inscne i gceist.
Is ag dul ó neart go neart atá pobal na haiteachta in Éirinn sa lá atá inniu ann. Sa 20ú haois ní raibh Éire sásta a bheith Gaelach agus gay ach faoi thús an chéid seo bhí sí toilteanach éagsúlacht a pobail a aithint agus a cheiliúradh.
De thoradh air sin tháinig athruithe soch-chultúrtha ar Éirinn agus ar a pobal. Tháinig an pobal seo faoi bhláth de réir a chéile, céim ar chéim, chun saoirse a bhaint amach. Ach ní hin le rá nach bhfuil obair mhór fós le déanamh.