Tá na mílte ag agóidíocht i ngealchathair Skopje na Macadóine le tamall anuas.
Cad fé ndear é?
Muise, seanscéal is meirg air.
Cad eile ach caimiléireacht is fimíneacht na bpiardaí móra i gceannas, agus imeallú éadóchasach na ndaoine féna scáth.
Thosnaigh an liútar éatar is déanaí an bhliain so a d’imigh tharainn ó nochtadh go raibh cúléisteacht ghutháin ar bun ag an rialtas ar 20,000 duine (i dtír ná fuil de dhaonra inti ach tuairim is 2 mhilliún.)
Tháinig fuílleach rudaí suaracha chun solais i dtaobh conas a stiúir an páirtí mór vótaí go meata mídhleathach sna toghcháin.
Ní cás a rá go bhfuil an Mhacadóin idir dhá thine Bhealtaine, más dá deargainneoin é.
Cúig cinn de theorainneacha aici le tíortha eile.
Ceann díobh, cois na Gréige, iata ó chianaibh mar bhac conspóideach eile i dturas bíobalta na dteifeach chun na hEorpa.
Na polaiteoirí ag rá go bhfuilid fé léigear ag fórsaí iasachta.
Seandaoine ag cnáimhseáil go bhfuil an tír teanntaithe fós idir an tAE/SAM agus an Rúis de réir mar a fágadh i gcluiche sceanairte na staire í.
Sluaite an fhreasúra ag glaoch míle murdar.
Ach ní chuige sin atáimse anois.
Is fút féin, a léitheoir, an tsíorstreachailt idir pobal is stát, idir tíortha laga is ollchumhachtaí caipitlíocha na cruinne, a mhionscagadh.
Gné eile ar fad a mheall mo shúil an taca seo.
Dathanna, a dhuine. Na dathanna do mheall mé.
Gach dath fén spéir atá le feiscint san éirí amach úr ann.
An Réabhlóid Dhathúil á glaoch air.
Comhthalán gníomhaithe bailithe le chéile fén haischlib #Protestiram (#Agóidim) ag sceitheadh, ag scaoileadh is ag stealladh pléascanna péinte ar gach balla de cholainn éithigh a gcathrach fhéinig.
Portráidí de Theachtaí Dála, dealbha de phearsana staire, oifigí rialtais agus comharthaí stáit á n-athmhaisiú le raidhse gunnaí péinte, balúin phléasctha agus crainn tabhaill.
Go dtuga Dia ciall dóibh! Cac na gcearc ina gcró fhéinig!
Ní hea go baileach…
Tá €633 milliún caite ag an rialtas chun cuma fhorbartha nuachlasaiceach a bhronnadh ar an bpríomhchathair le tamall anuas.
Ach gach seans nach chun a leasa na maisithe céanna.
Ní inniu ná inné a thosnaigh daoine ag loitiméireacht ar chúinsí polaitiúla/sóisialta.
Dá dtuigfeadh aon dream an t-éirí amach ealaíne seo go feillbhinn, b’iad na Situationnistes.
Scata smaointeoirí, ealaíontóirí agus réabhlóidithe ab ea na Situationnistes a tháinig ar an bhfód i lár an chéid seo caite.
Dream óg misniúil iad ar theastaigh uathu athruithe móra a fheiscint sa domhan.
Thugadar go leor aimsire ag caitheamh súil ghéar ar an saol laethúil acu d’fhonn gach srian daoirse bhí á gcaitheamh umpu a aithint agus a chur díobh trí athrú nósanna.
Ba dhuine díobh Guy Debord a scrígh La société du spectacle (leagan scannáin den leabhar ar fáil ar YouTube).
Ba leabhar ceannródaíoch é i réimse na sícithíreolaíochta (psychogeography) ina ndeintear staidéar ar na slite diamhra go dtéann ár dtimpeallacht i bhfeidhm ar ár mothúcháin is ar ár smaointe.
Shíl sé ná raibh i saol sochaithe ina raibh modhanna táirgeachta nua-aoiseacha i réim ach macshaol, carnán ollmhór seónna; “une immense accumulation de spectacles”, ina raibh dallamullóg á cur ar dhaoine ag na ceannairí trí gach caidreamh sóisialta a bhunadh ar chomharthaí bréagacha (.i. teilifís réaltachta).
Do bhainfidís leas as raidhse slite chun na tuairimí so a thriall.
Ceann acu ab ea dérive .i. duine gabháilt ar seachrán sa chathair ar bhealaí dofheicthe agus é á stiúradh go neamh-chomhfhiosach ag leagan amach na cathrach fhéin.
D’fhiosraíodar cad é an tionchar atá ag ár dtimpeallacht ar ár mbrionglóidí agus, dá bharr san, ar gach rud dá samhlaímid le staid ár mbeatha fhéin.
Dhein na Situationnistes nasc idir na tuiscintí so agus tráchtaireacht Marx.
Mheasadar go raibh an chluanaireacht agus buaileam sciath a chítear in ailtireacht cathracha agus lár bailte curtha d’aon ghnó chun bob síceolaíochta a bhualadh ar an nduine .i. an Túr Solais ar Shráid Uí Chonaill, ollsnáthaid chomórtha ar ré órga an chraois is na handúile. Aililiú!
In Éirinn 2016, tuigimid an chraic so go smior, dá fhlaithiúil na leaca comórtha is na hócáidí poiblí.
Ba dheacair aon bhlas a fháil ar an seó go léir.
Ba dheacair aon bhlas a fháil air toisc an oiread dímheasa a thaispeántar i leith ár dteangan is an spior spear gan náire a dheintear de spriocanna sóisialta na gceannairí ar deineadh sléacht orthu céad bliain ó shoin.
Ba dheacair gan Cur i gCéill a bhraistint ins gach cuid de chomóradh 1916.
Cuireann sé mearbhall orainn.
Dar le Debord, deireann an Cur i gCéill so linn: “Má tá cuma aingil air, is aingeal é”.
Dá mhéad atá ár mianta is ár mbuarthaí i bhfolach fé ualach na seónna go léir atá cruthaithe ag cultais an fháis eacnamaíoch, fad is atá craiceann snasta á cur ar an gcreatlach créachta, leanfaimid leis go toilteanach.
Dearmadfaimid cad iad na nithe is mó go bhfuil gá againn leo chun tráchtearraí is íomhánna d’aislingí do-aimsithe a chur ina n-ionad.
Sa tslí so, buille ealaíne chun an réadúlacht a thabhairt abhaile is ea an loitiméireacht a dheineann an t-aos óg ar a sráid fhéin.
Fuinneoga briste, gluaisteáin dhóite, graffiti giorraisc.
Frithghníomh poiblí d’fhonn eiteach a thabhairt do chrot bunata a saoil fhéin, is dá dheascaibh, tuairimí na ndaoine ag breathnú isteach ón dtaobh amuigh.
Is minic a chuala daoine ag féachaint dóibh ar eastát tithíochta ó chompord mótair a rá: “Dhera, níl deilbhíocht ná cruatan ar an gcleas úd in aon chor! Féach na tithe deasa glana acu!”
B’in sampla glan de thionchar na cosúlachta ar mheon an bhreathnóra. Fé mar a éiríonn le Cur i gCéill an dubh a chur ina gheal orainn.
Is cén chúis atá leis an scrios cruthaitheach chun an Cur i gCéill sin a shárú, dá laghad an dínit é?
Ach thóg na Situationnistes céim eile níos forbartha ná san.
Thuigeadar a oiread is a bhíomar á scarúint ónár saol fhéinig .i. oibrithe ag obair ar tháirgí nach eol dóibh riamh cá rachaidh siad ná cén toradh a bheidh orthu, daoine óga ag éirí níos sáite i ndomhan dubh le híomhánna is le hearraí in áit bheith ag maireachtaint.
Thuigeadar ná raibh sna seónna tógtha mórthimpeall orainn sa tsochaí nua-aoiseach ach slite eile lena bhfaigheann an córas táirgeachta smacht orainn is ar ár smaointe.
Ba sheiftiúil an cleas iad ámh agus ba mhó cleas a chumadar dúinn chun an dúshlán a thabhairt.
Is é an rud is détournement ann ná ábhar éigin (pictiúr, éadach, focal) a athrú d’aon ghnó chun perception an té atá ag féachaint air a dhúiseacht ón seanbhrí a shamhlaigh sé leis.
Brí eile a thabhairt do sheanphictiúir.
Díreach mar a dhein punkanna Londan agus íomhá bhanríon Shasana á haistriú acu ó shiombail údaráis go siombail threascrach. (Sarar slogadh thar n-ais í i bhfaisean marbhánta na sparán arís).
Gníomh frithidéalaíoch is ea é a fhreagraíonn pé soiscéal atá á scaipeadh ag an bpríomhmhúnla sóisialta lena mbolscaireacht, a bhfógraíocht is a n-instealltaí neafaiseacha siamsaíochta.
Tá an iomad nósanna comhaimseartha ann ab fhéidir a nascadh le smaointe na Situationnistes.
Na hathmhaisithe Banksy-acha a spraeálann teallairí ar fhógraí sráide.
Na siúlóidí zombaí uair sa bhliain siar Sráid na Siopaí.
Na scéitears ag aeraíocht thar chora is chastaí cathracha ar a gcláiríní coise (skateboards).
Na hathruithe áiféiseacha éadaí a iompraíonn an t-aos óg chun éalú ó ghnátha leamha a linne.
An tobshlua leanbaí chun popamhrán a rá gan choinne.
Na hagóidithe GTMO seasta ar an tsráid agus púicíní ar a gceann srl.
Iad go léir ag iarraidh poll éigin a ghearradh i bpuball sorcais phríosún ár sochaí caipitlíche chun go bhfaighimid arís spléachadh éigin ar fhéidearthachtaí na fírinne.
Ní beag dá dheascaibh a bhfuil ar siúl ag agóidithe #Protestiram na Macadóine.
@Gjavolot imam slika kako go farbale oni i ova kaj vas mi ja dadoa na protestiram vo Tetovo pic.twitter.com/XQ8EcoeaD4
— Jasmina (@nevrabotena) May 14, 2016
Trí phéint a chaitheamh ar dhealbha, ar shéadchomharthaí is ar fhoirgintí riaracháin an stáit, tá an smacht síceolaíochta a bhí ag an rialtas ar mheon traochta na cosmhuintire á chur de dhroim seoil.
Na siombailí móra a chuir cumhacht, flaitheas agus aigeantacht an chórais in iúl, táid anois ina gcomharthaí d’fhearg, do shamhlaíocht is do mhisneach múscailte na sluaite.
Is tá ag éirí leo.
D’fhógair Dáil na Macadóine ar an 18 Bealtaine ná leanfar leis na tobthoghcháin a reáchtáladh díreach cúpla seachtain roimis.
B’in éileamh mór atá ag baint leis na feachtaisí ón gcéad lá is ceann des na rudaí ba mhó a bhris foighne an phobail sa deireadh.
Ag baile i mBaile Átha Cliath, chuir scata eile dath glas ar na boscaí poist tar éis don gcomhairle iad a phéinteáil dearg mar chuid de chomóradh 1916.
Ní fheadar ná gur fearrde iad a phéinteáil athuair?
Le dathanna pléascacha uilig an bhoghaisín catha.