An seans deiridh le clárú don reifreann

Inniu, an 8 Bealtaine 2018, an lá deiridh is féidir clárú le vóta a chaitheamh sa reifreann maidir leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht a bheidh á reáchtáil i dtreo dheireadh na míosa. Tá lucht feachtais chaon taobh den cheist ag iarraidh ar an bpobal a chinntiú go bhfuil a n-ainm ar chlár na vótálaithe agus, mura mbíonn, a chinntiú go gcuirtear a n-ainm leis an gclár faoi dheireadh an lae inniu. 

Níl ach beagán le cois coicíse le dul sula mbeidh vótáil sna Sé Chontae Fichead ar cheist an ghinmhillte sa stát seo agus tá an dá thaobh ag súil go mbeidh an oiread daoine agus is féidir ag caitheamh a vóta ar an 25 Bealtaine. 

Moltar do chainteoirí Gaeilge glaoch a chur ar an údarás áitiúil in áit an suíomh checktheregister.ie a úsáid mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann leis an síneadh fada ar an suíomh sin. Níor éirigh le go leor daoine a bhfuil ainm Gaelach orthu an t-ainm sin, ná an seoladh, a aimsiú ar an suíomh cé go raibh siad cláraithe le vóta a chaitheamh. 

Tá sé ródheireanach anois a bheith ag cur foirmeacha sa bpost ach is féidir fós dul isteach go hÁras an Chontae nó oifigí na comhairle cathrach le foirm a líonadh agus a chur isteach caol díreach i lámha an chláraitheora. Dúnfaidh formhór na n-údarás áitiúil inniu idir 16.00 agus 17.00. 

Tá an fhoirm chuí ar fáil ar líne ón suíomh checktheregister.ie agus is ann is féidir teacht ar fhoirmeacha eile a bhaineann le hathrú ainm nó athrú seoladh freisin. 

Bhí feachtas láidir ar bun le cúpla seachtain anuas le hiachall a chur ar an bpobal a chinntiú go bhfuil a n-ainm ar chlár na vótálaithe agus reáchtáladh laethanta cláraithe in institiúidí tríú leibhéal ar fud an stáit leis na mic léinn, cuid acu nár chaith vóta riamh cheana, a chlárú in am don reifreann. 

Má ritear an rún a chuirfear os comhair an phobail an lá sin, aisghairfear an tOchtú Leasú ar an mBunreacht, a tháinig i bhfeidhm os cionn 30 bliain ó shin, agus bainfear an chosaint reachtúil a thugtar don ghin sa mbroinn. Tá lucht ‘Tá’ ag súil go n-aisghairfear an Leasú sa gcaoi is go mbeifear in ann an reachtaíocht a thabhairt isteach a thabharfaidh cead do mhná ginmhilleadh a fháil in Éirinn. Tá lucht ‘Níl’ ag iarraidh an Leasú a choinneáil i bhfeidhm sa gcaoi is go gcosnófar na beo gan bhreith ón nginmhilleadh. 

SCÉALTA EILE