Beidh baill Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge ag éileamh ar an eagraíocht teanga go bhfreastalódh ionadaithe de chuid na heagraíochta ar mhórshiúl de chuid na féile Bród “ar bhonn oifigiúil” amach anseo agus go gcuirfí grúpa oibre ar bun laistigh den Chonradh le tacú leis an bpobal LADT+.
Moltar i rún atá curtha chun cinn ag an gcraobh, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, go dtabharfadh Conradh na Gaeilge aitheantas oifigiúil don obair a dhéanann an Queercal Comhrá, Aerach Aiteach Gaelach agus dreamanna eile dá leithéid leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc an phobail aitigh. Anuas anois, éilítear sa rún go bhfreastalódh Conradh na Gaeilge “ar mhórshiúl amháin de chuid Bród in aghaidh na bliana ar a laghad ar bhonn oifigiúil”.
Maítear sa rún, a phléifear in Óstán Chúirt na Mainistreach ar an Aonaigh i gcontae Thiobraid Árann amárach, go léireodh a leithéid de ghníomh “tacaíocht” do bhaill an phobail aitigh ar cainteoirí Gaeilge iad. Éilítear freisin sa rún go gcuirfeadh Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge “grúpa oibre” le chéile le bheith ag breathnú i ndiaidh an phobail LADT+ i saol na Gaeilge “i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara eile”.
Níor ghlac Conradh na Gaeilge aon seasamh oifigiúil le linn an reifrinn ar an bpósadh comhghnéis a reáchtáladh in Éirinn in 2015. Deirtear i mbunreacht na heagraíochta nach ceadmhach do chraobh eagraíochta ná do choiste de chuid na heagraíochta “páirt ná plé a bheith aige nó aici in aon aighneas nach mbaineann le haidhm ná le cuspóirí na heagraíochta”.
Tá roinnt mhaith imeachtaí á n-eagrú ag grúpaí in mbailte beaga agus móra ar fud na tíre do chainteoirí aeracha Gaeilge le tamall de bhlianta anuas. Mar a luaitear i rún Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge, tá dhá ghrúpa ghníomhacha i mBaile Átha Cliath faoi láthair – An Queercal Comhrá, grúpa cainte do dhaoine aiteacha a thagann le chéile uair sa mí i gClub Chonradh na Gaeilge – agus Aerach Aiteach Gaelach, comharghrúpa ealaíne a chuireann imeachtaí ar fáil do chainteoirí aiteacha Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mbailte eile ar fud na hÉireann.
Chomh maith leis sin, tá Bród na Gaillimhe agus Bród na Gaeltachta ann dhá eagraíocht a chuireann an Ghaeilge agus an t-aiteachas chun cinn in iarthar agus i dtuaisceart na tíre.