Banc Gaelach, anois an t-am

Níl aon dul astu.

Is beag duine ar na saolta seo nach bhfuil cuntas bainc aige nó aici.

Má tá airgead agat nó más mian leat airgead a thuilleamh, caithfear cuntas bainc a bheith agat.

Mar sin féin, níl aon bhanc ann a fhreastalaíonn ar dhaoine le Gaeilge.

Is ar mhaithe le hairgead amháin atá na bainc ann.

Níl dúil acu sa Ghaeilge, níl dúil acu ach in airgead daoine le Gaeilge.

Is mithid mar sin banc Gaelach a bhunú le go mbeidh daoine le Gaeilge in ann a ngnó airgeadais a dhéanamh i nGaeilge.

Drochthaithí

Dála go leor daoine eile, tá drochthaithí agam leis na bainc ó thaobh na Gaeilge de.

Siar in 2006 d’oibrigh mé le Banc Uladh.

Agus mé ag obair ann, iarradh orm na roghanna ar scáileáin a gcuid inneall airgid a aistriú go Gaeilge.

Rinne mé go fonnmhar é gan íocaíocht a lorg don obair.

Gealladh dom go gcuirfí an rogha Ghaeilge i bhfeidhm ar na hinnill i lár na bliana 2007.

Níor tharla sé riamh.

Bhí orm litir i ndiaidh litreach a sheoladh chuig Banc Uladh ag fiosrú cathain a chuirfí an rogha Ghaeilge ar fáil.

Thóg sé na blianta orthu mé a fhreagairt fiú.

Fuair mé freagra uathu ar deireadh ag tabhairt le fios nach raibh sé beartaithe acu an rogha Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

Rinne mé féin agus baill de Mhisneach agóid faoi seo ach fós níor áitigh mé orthu an rogha Ghaeilge a chur ar fáil.

Dá bharr sin dhún mé mo chuntas leo – a osclaíodh nuair a bhí mé sé bliana d’aois.

Ní raibh mé sásta bheith mar rochtaire acu más é sin an bealach a bhí siad chun caitheamh liom.

In 2009, bhunaigh mé féin agus fear eile cuideachta agus, ar ndóigh, bhí orainn cuntas bainc a oscailt.

Roghnaíomar cuntas a oscailt le Bainc-Aontas Éireann (AIB).

Dhiúltaigh Bainc-Aontas Éireann glacadh leis na cáipéisí dlithiúla a bhunaigh an chuideachta ós rud é go raibh siad scríofa i nGaeilge.

De bharr sin, dhiúltaigh muid cuntas a oscailt leo – ní rabhamar sásta gnó a dhéanamh le banc nach raibh sásta glacadh le cáipéisí i nGaeilge.

D’oscalaíomar cuntas le Banc na hÉireann, nach raibh aon fhadhb acu glacadh lenár gcáipéisí Gaeilge.

D’fhógair Banc na hÉireann le déanaí faraor nach bhfuil siad chun rogha Ghaeilge a chur ar fáil a thuilleadh ar na hinnill airgid acu.

Is céim ar gcúl seo do dhaoine le Gaeilge mar is é an t aon bhanc a rinne a leithéid.

Dar le Banc na hÉireann, ní fiú an rogha Ghaeilge a chur ar fáil mar ní bhaineann ach 1% de dhaoine feidhm as as rogha Ghaeilge.

Tuigim cén fáth – níl daoine cleachta air sin a dhéanamh agus nuair a bhaineann sé le hairgead, is dúil le daoine bheith cúramach.

Bheadh eagla ar dhaoine go gcaillfeadh siad a gcárta nó airgead má bhrúnn siad an rogha mhícheart.

Dar leis an mbanc, tá sé ró-dheacair níos mó ná rogha theanga amháin a chur ar na hinnill airgid.

Is seafóid chríochnaithe sin mar sna tíortha eile san Aontas Eorpach, is é an gnáthnós ceithre theanga ar a laghad a chur ar fáil ar na hinnill.

Is léir nach dtuigeann na bainc go bhfuil na nithe seo coitianta agus éasca le déanamh.

Mar sin, cad is féidir le daoine le Gaeilge a dhéanamh?

Is léir domsa nach féidir le daoine le Gaeilge brath ar na bainc chun freastal orthu i nGaeilge.

Níl aon rathúnas ann go mbeidh na bainc sásta roghanna Gaeilge a chur ar fáil.

Tá dhá chur chuige ann do dhaoine ar mian leo gnó leis na bainc a dhéanamh i nGaeilge:

1. Cur chuige amháin ná na céadta nó na mílte duine a thabhairt le chéile chun impí ar bhanc freastal orthu i nGaeilge.

Dar liom is é seo an cur chuige is measa mar tá sé thar a bheith deacair daoine a chomhordú bearta móra a dhéanamh, go háirithe aon bheart a bhaineann le hairgead.

Mar aon leis sin, bheadh na daoine sin i dtuilleamaí an bhainc sin gan aon rathúnas ann go bhfreastalófar orthu i gcónaí i nGaeilge.

D’fhéadfadh an banc éirí as an margadh in Éirinn, nó d’fhéadfadh sé tarraingt siar ón gcinneadh roghanna Gaeilge a chur ar fáil mar a rinne Banc na hÉireann.

2. An cur chuige eile ná banc nua tiomanta do dhaoine le Gaeilge a bhunú.

Ní bheidh sé éasca ach bheadh sé níos iontaofa.

Feidhmeoidh an banc i nGaeilge amháin mar sin ní bheadh aon bhaol ann go gcuirfeadh an banc deireadh le roghanna Gaeilge.

Is i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste atá na bainc in Éirinn suite.

Shamhlóinn go mbeidh ard-oifig an bhainc nua seo suite sa Ghaeltacht, rud a chabhródh le buanú na Gaeltachta mar bheadh poist mhaithe le Gaeilge ar fáil do dhaoine sa Ghaeltacht.

Ní bheadh gá daoine ón nGaeltacht a earcú chun bogadh go Baile Átha Cliath.

Déanfaidh an banc Gaelach seo fónamh do dhaoine ar an nguthán, ar a shuíomh gréasáin agus ar ghutháin chliste.

Ós rud é go ndéantar formhór d’idirbhearta airgeadais ar ríomhairí ar na saolta seo, ní bheadh gá le líon mór oifigí agus foireann iontu.

Shamhlóinn go mbeadh oifigí ag an mbanc sna cathracha móra agus sna Gaeltachtaí.

Bheadh buntáistí eile leis an gcur chuige seo.

Faoi láthair, ní chuireann Banc Ceannais na hÉireann aon cháipéisí maidir le rialáil bhanc ar fáil i nGaeilge ós rud é nach bhfuil aon bhanc ann a fheidhmíonn sa teanga.

Dá mbeadh banc mar sin ann, bheadh ar Bhanc Ceannais na hÉireann na cáipéisí sin a chur ar fáil.

Bheadh ar an Roinn Airgeadais an rud céanna a dhéanamh.

D’imreodh banc Gaelach tionchar ar na húdaráis in Éirinn, agus bheadh an Ghaeilge níos tábhachtaí agus níos treise dá bharr.

Tá samhail faoi leith do bhainc sa Ghearmáin.

Is é an banc is coitianta atá ann sa tír sin ná volksbank (‘Banc na nDaoine’).

Is cineál comhar creidmheasa é a fheidhmíonn ar nós bainc.

Tá na mílte acu ar fud na Gearmáine agus tá siad aontaithe in aon chomhghuaillíocht amháin.

Sna bainc sin is iad na daoine féin comhaltaí an bhainc agus tá cead acu vótaí a chaitheamh chun an banc a stiúradh.

Sílim gurb é seo an tsamhail is fearr d’aon bhanc Gaelach.

Ní bheidh an banc ag feidhmiú chun brabús mór a thuilleamh ach chun leas na gcomhaltaí a dhéanamh, rud atá níos tábhachtaí ná riamh i bhfianaise na scannal airgeadais is déanaí.

Mar a luadh cheana ní bheidh sé éasca banc nua a bhunú.

Caithfidh cúig mhilliún euro ar a laghad a bheith ag banc sula ligtear dó dul i mbun gnó.

D’fhógair Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite go raibh breis agus €5m dáfa aige ar eagraíochtaí Gaeilge.

Is léiriú é sin go bhfuil na milliúin euro i gcúrsaíocht i saol na Gaeilge agus, go deimhin, go bhfuil gá le banc Gaelach.

An cheist is tábhachtaí ná an bhfuil tusa, a léitheoir, réidh cuntas a oscailt le banc Gaelach?

Má tá tú dáiríre faoin nGaeilge, ba chóir duit sin a léiriú le d’airgead.

Tá súil agam go mbeidh tú in ann sin a dhéanamh go luath.


Tá tús á chur ag Seanán le taighde ar an tslí is éifeachtaí le banc nua Gaelach a bunú. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis anseo.

SCÉALTA EILE