Tá an fhéile ‘BEO – Gaelach agus Bródúil’ a bhí beartaithe don deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath curtha ar athló de bharr “easpa cinnteachta ar fud na tíre maidir leis an aimsir”, dar le Conradh na Gaeilge.
Bhí “an fhéile shráide Ghaeilge is mó riamh” le bheith ar siúl Dé Sathairn ag meán lae le deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge ar fud na hÉireann agus do lucht a dtacaíochta a mbród as an teanga a léiriú agus a cheiliúradh ar shráideanna na hardchathrach.
Dúradh i ráiteas a eisíodh tráthnóna áfach go mbeidh an fhéile mhór ar siúl ar an 14 Aibreán mar a gheall ar an drochthuar aimsire atá ann don deireadh seachtaine seo. Táthar ag súil go dtiocfaidh ‘An Sioc Ar Buile’ anoir as an Rúis anocht agus go mbeidh suas le 50cm sneachta ann in áiteanna ar fud na hÉireann. Ní fios go fóill cén bhail a bheidh ar bhóithre na tíre ag an deireadh seachtaine mar thoradh ar an doineann.
“Tá an cinneadh déanta ag Conradh na Gaeilge an ócáid a chur ar athló de bharr rabhadh slandáßla san ardchathair agus ionas nach mbeidh baol ar dhuine ar bith a bheadh ag taisteal chuig an imeacht. Bhí 25 bus ó cheann ceann na tíre cláraithe le freastal ar an imeacht,” a dúradh sa ráiteas ón eagraíocht teanga.
Dúradh “nach gcuirfidh an mhoill isteach” ar an gceiliúradh teanga agus go mbeidh an fhéile ar siúl sé seachtaine ón Satharn agus go mbeidh scoileanna, grúpaí Gaeilge, clubanna óige agus “an pobal trí chéile” ag bailiú ar na sráideanna don mhórshiúl, don cheolchoirm agus siamsaíocht, agus le “ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga agus pobal láidir na Gaeilge”.
“Is oth linn a rá nach féidir linn BEO -Gaelach agus Bródúil a reáchtáil an deireadh seachtaine seo, ach is fearr i bhfad a bheith airdeallach ar chúrsaí sábháilteachta, agus níor mhaith linn aon bhrú breise a chur arna seirbhísí éigeandála a bheidh faoi strus cheana féin le linn agus i ndiaidh na stoirme. Táimid ag súil leis an 14 Aibreán anois, agus slua níos mó arís a mhealladh chun na hardchathrach le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus bród a léiriú don teanga,” a dúirt Síomha Ní Ruair, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge.
Siúlfaidh an slua ó Chearnóg Parnell go Cearnóg Mhuirfean ar an 14 Aibreán agus beidh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn i láthair ag an ócáid le hóráid a thabhairt uaidh. Beidh ceolchoirm “spleodrach” agus imeachtaí do theaghlaigh ann freisin i gCearnóg Mhuirfean i ndiaidh an mhórshiúil.
Is féidir cúig mholadh ó Fheidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, Emma Ní Chearúil, a léamh anseo faoi na bealaí is féidir ullmhú don fhéile i mí Aibreáin.