Bhíos ar an taobh eile ach táim ar an taobh ceart anois

“Bhíos ar an taobh eile,” a dúras agus mé ag caitheamh mo gheansaí Repeal oíche amháin.

Thacaíos i gcónaí le reifreann a reáchtáil faoin Ochtú Leasú, ach theastaigh uaim fios a bheith agam faoin bhfoclaíocht. Dúras an rud céanna faoin reifreann faoin gcomhionannas pósta. Ar lá an Mhórshiúil Ar Son Rogha, mí Mheán Fómhair seo caite, d’fhágas an ardchathair. Níor mhaith liom bheith timpeall ar mhórshiúl nár chreideas ina rún. Níor thuigeas cén fáth a raibh fearg ar dhaoine faoi seo, ach tuigim anois.

Tháinig athrú radacach ar mo thuairimí le cúpla mí anuas. Ní raibh sé éasca é a dhéanamh, agus níor tharla sé thar oíche, ach bhíos go tréan Ar Son na Beatha agus anois táim go díocasach Ar Son Rogha.

Ba é mo chreideamh an fáth ba mhó a bhíos in aghaidh an ghinmhillte. Níl náire orm faoi bheith i mo Chaitliceach a chleachtann a chreideamh, ach dá dheasca sin ba rud dubh agus bán dom é an ginmhilleadh. Spreagadh mé mo chreideamh a cheistiú go gníomhach le blianta beaga anuas agus smaoineamh ar cad is brí le bheith i mo Chaitliceach.

Aithním gur ‘teachtaireacht don Eaglais’ é an feachtas do roinnt atá sa ghluaisteacht Ar Son Rogha, ach ní hea domsa. Ní stát Caitliceach a thuilleadh í Éire, agus is mar gheall gur dhiúltaigh an Eaglais freagracht a ghlacadh as a teipeanna stairiúla gur chuir glúin de Chaitlicigh Éireannacha, cosúil liom féin, aithne ar Dhia linn féin dúinn féinn

Chreideas i gcónaí gur thosaigh an bheatha ag uair na giniúna, ach thosaigh mé ag machnaimh faoi cheist shimplí – cathain a thagann cearta daonna i bhfeidhm? Bhí argóintí laga agam faoi fhorbairt agus inmharthanacht an fhéatais. Ní gá an ginmhilleadh a scarúint ón gcreideamh.

Thosaíos ag féachaint ar na mná ó áiteanna ar fud an domhain, mná a bhfuil an t-ádh orm iad a áireamh mar chuid de na cairde is mó agam. Mná, an mhórchuid díobh as tíortha a bhfuil fáil iontu ar sheirbhísí ginmhillte, a dhein duine níos láidre díom. Shamhlaíos na mná seo i mbróga mhná na hÉireann, agus an easpa dínite a bhíonn rompu an tír seo a fhágáil chuile lá. Níor mhaith liom an t-ualach sin a bheith orthu, ná ar mhná na hÉireann. Athraíodh an treoir mhorálta ionam, agus d’éiríos compordach leis an nginmhilleadh i gcúinsí áirithe.

Cheapas gur leor stopadh ansin agus ligean do mhná taisteal le ginmhilleadh a fháil, ach nuair a d’éisteas níos mó le scéalta pearsanta ar nós ‘In Her Shoes’, chonac an méid a fhulaingíonn mná dá bharr, agus d’éiríos níos paiseanta faoi. Faoin Nollaig, bhíos, go ciúin, Ar Son Rogha, agus mé ag léamh thorthaí Chomhchoiste an Oireachtais, agus réidh le vótáil i bhfabhar na haisghairme.

Bhí a fhios agam go gcaithfead rud éigin a dhéanamh. D’fhoghlamíos ó mhná Ar Son Rogha a dhíbir aon amhras eile a bhí orm faoin nginmhilleadh. Scread mo choinsias orm – ní fhéadfainn fanacht ciúin a thuilleadh.

I ndiaidh na Nollag cheannaíos geansaí ‘Repeal’ agus d’inis mo scéal le bean ghníomhach Ar Son Rogha, nach raibh ach ríomhaithne agam uirthi, agus dúirt sí liom go raibh an rud ceart á dhéanamh agam.

Ní haon rún é a thuilleadh – táim go díocasach Ar Son Rogha. Freastalaím ar ócáidí Ar Son Rogha agus caithim mo gheansaí Repeal ar a laghad uair sa tseachtain. Tá bród orm bheith i mo bhall de Ghaeil ar son Rogha, agus cuireadh gliondar ar mo chroí nuair a chualas go raibh daoine páirteach sa ghrúpa seo a bhíodh Ar Son na Beatha ach a d’athraigh a meon.

Agus seachas éalú uaidh mar a d’éalaíos mí Mheán Fómhair, d’fhreastalaíos ar mo chéad mháirseáil Ar Son Rogha ar an 8 Márta.

Ní faoi Bhunreacht na hÉireann féinriar colainne na mban a phlé. Ní fúmsa ach oiread é. Téann mo chreideamh díreach in aghaidh an ghinmhillte, ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuilim in ann a rá le bean nach bhfuil cead aici ceann a fháil. Tá an ginmhilleadh againn in Éirinn cheana féin, ach tá sé daor, dainséarach agus deacair le fáil. Tá deis réalaíoch againn é seo a athrú, agus ginmhilleadh saor, sábháilte agus dleathach a thabhairt isteach sa tír seo.

“Bhíos ar an taobh eile,” ach táim ar an taobh ceart anois.

Is ball de Ghaeil ar Son Rogha a scríobh an t-alt seo.

SCÉALTA EILE