‘Bí radacach!’ Guth Éirí Amach 1916

Roimh an Nollaig, d’fhoilsigh Amharclann na Mainistreach a clár drámaíochta le cuimhneachán a dhéanamh ar 1916: deich ndráma agus gan ach an t-aon cheann amháin acu scríofa ag bean.

Láithreach, léirigh daoine a míshástacht ar Twitter, i ndiaidh cúpla lá bhí agóid fhíor-rathúil ann taobh amuigh den amharclann féin, agus ba ghearr gur iompaigh an rud ar fad ina fheachtas in éadan an leithcheala a dhéantar ar mhná sna healaíona in Éirinn.

Cé nárbh é sin an chéad uair, ar chor ar bith, a ndearnadh leithcheal ar mhná sna healaíona, ón tús bhí cumhacht ar leith ag na mná a bhí ag troid an iarraidh seo in éadan an chláir: ba chlár chomórtha 1916 a bhí i gceist.

Sixty-women-from-Cumann-na-mBan-xl-1280x673

Is deacair a shéanadh gur fadhb í an easpa mhór guth baineann ar an chlár nuair atá an clár féin in ainm is a bheith ag comóradh eachtra ina raibh ról lárnach radacach ag mná.

Gan aon amhras, ba é diongbháilteacht na mbanealaíontóirí a chinntigh go raibh an-rath ar a bhfeachtas, ach b’éifeachtach an gléas troda acu bheith ábalta tarraingt ar chuimhne agus idéil an Éirí Amach.

Is sampla beag ar leith é ceist chlár chomórtha Amharclann na Mainistreach, ach déanann sé soiléir dúinn dhá fháth áirithe a bhfuil 1916 go fóill ríthábhachtach inniu.

Ar lámh amháin, is slat tomhais dhochloíte é Éirí Amach na Cásca, a ligeann dúinne in Éirinn cruth na tíre a mheasúnú.

Is féidir linn comparáid láithreach a dhéanamh idir na spriocanna a bhí ag ceannairí na réabhlóide agus an chuma atá ar ár sochaí faoi láthair, rud a dhéanann ríshoiléir an éagothroime atá go forleathan inti, agus a dhéanann é níos deacra dóibh siúd a chothaíonn an éagothroime sin é a chosaint.

Ar an lámh eile, níos tábhachtaí arís, is foinse muiníne dhosháraithe é Éirí Amach 1916 do dhuine ar bith atá ag streachailt leo ag iarraidh feabhas a chur ar an tsochaí chéanna sin.

Do na Gaeil atá ar lorg ceart, ar lorg maoinithe – ar lorg athbheochan iomlán teanga – is spreagadh nach beag ceanndánacht an Éirí Amach.

Do lucht ‘Misneach’ a rinne an gníomh díreach ar aghaidh Redmond ar na mallaibh, nach mór an rud é fios a bheith acu go mbeadh an Piarsach ina gcoirnéal, ag tabhairt lán tacaíochta dóibh.

Do na grúpaí pobail atá ag troid go cróga in éadan na gciorruithe difriúla ar fad, cumhachtú atá sa tuiscint acu go mbeadh an Conghaileach in éineacht leo.

Foinse nirt gan amhras é do thiománaithe Luas, a bhí i mbun stailce thar an deireadh seachtaine comórtha seo, an tuigbheáil go mbeadh an frith-chaipitlí go smior sin gualainn ar ghualainn leo.

Agus do dhaoine sa phobal LADT ar deacair acu fás aníos in Éirinn, ar deacair acu bheith mar chuid de chultúr na tíre seo, b’fhéidir go bhfuil tábhacht bheag éigin leis an fhíric go raibh daoine aeracha páirteach in Éirí Amach na Cásca.

Daoine ar nós an Dr Kathlenn Lynn.

Ba phríomhdhochtúir in Arm Cathartha na hÉireann í, agus ba leispiach í.

Is gné é seo den réabhlóid nach bpléitear go minic.

Main Parade 104

Gan amhras, tá sé de dhualgas orainn na laigí is na meancóga a bhain leis an Éirí Amach – ó thaobh cur chuige nó spriocanna nó cibé – a scrúdú, agus foghlaim uathu.

Ach gan trácht a dhéanamh ar laigí, ná ar na díospóireachtaí faoi cén grúpa is fearr a leanann traidisiúin 1916, tá cúpla rud ann nach féidir easaontú leo.

Bhuail na reibiliúnaigh buille láidir i gcoinne Impireacht na Breataine, agus i gcoinne an neamhionannais is an leatroim a bhí gach áit sa stát.

Bhí siad eagraithe dáiríre cróga.

Agus ní féidir a shéanadh ach oiread go bhfuil nós troda réabhlóideach againn anseo, nós a deir nach gá aiféaltas a bheith ort as a bheith míshásta faoin saol mar atá, nós a deir gur maith a bheith ciotach callánach is tú ag troid ar son sochaí nach bhfaigheann daoine bás ar na sráideanna ann.

BanksChange

Do gach aon duine, idir óg is aosta, d’achan bhean is d’achan fhear, agus achan inscne idir eatarthu, d’achan duine aerach, leispiach, déghnéasach is níos mó, d’achan Chaitliceach, d’achan Phrotastúnach, d’achan chreidmheach eile agus d’aindiachaí, agus d’achan chine is d’achan duine amuigh ansin atá ag saothrú leo ar mhaithe le tír, agus domhan, níos fearr a chruthú, tá traidisiún radacach i stair na hÉireann atá ag seasamh leat.

Is foinse inspioráide bhreise é a deir, “Maith thú nach nglacann tú leis an chac a thugtar dúinn! Lean ort! Bí radacach!”

Neartaíonn agus cumhachtaíonn an chuimhne agus an tuigbheáil atá againn ar 1916 muid inár streachailt féin le hathruithe buana forleathana a bhaint amach don tír is don domhan seo.

Is rud speisialta é sin – úsáidimis é.

SCÉALTA EILE