Tá freagra ar cheist na dteifeach ar fáil ach súil a chaitheamh ar stair na tíre seo, dar le Jennifer DeWan ó Ionad Tacaíochta Imirceach na hÉireann. Labhair sí le NÓS faoin ghéarchéim reatha.
Faoi dheireadh thiar thall an tseachtain seo tháinig an tAontas Eorpach ar shocrú, de chineál éigin, faoi athlonnú 120,000 teifeach i dtíortha na hEorpa.
Agus le roinnt laethanta anuas tá tascfhórsa curtha ar bun ag an rialtas, meitheal a bhfuil de chúram aici soláthar a chur ar fáil don 4,000 duine a bheas ag tabhairt aghaidhe ar Éirinn.
Ag labhairt di le NÓS, dúirt Jennifer DeWan, Bainisteoir Feachtais ag NASC, Ionad Tacaíochta Imirceach na hÉireann (Irish Immigrant Support Centre), go bhfuil ciall cheannaithe ag Éirinn agus gur fiú gníomhú dá réir na gceachtanna atá foghlamtha agus muid ag teacht ar chóras chun caitheadh ‘go cuí’ le daoine atá ag teacht isteach sa tír.
“Is fiú dúinn breathnú ar chliseadh chearta daonna an chórais mhíchlúitigh ‘Soláthar Díreach’ agus ar a mhalairt slí, ar an tacaíocht a cuireadh ar fáil do theifigh a tháinig ina sluaite roimhe,” arsa Jennifer.
Sa bhliain 1979, tháinig os cionn 200 Vítneamach i dtír ó champaí i Hong Cong agus arís sa bhliain 1999, tháinig timpeall 1,000 duine chun cónaithe in Éirinn ón Chosaiv.
Is ar na samplaí sin agus ar a macasamhla eile i stair na tíre nuair a bronnadh aitheantas ceart ar theifigh agus nuair a cabhraíodh leo imeascadh sa phobal, is orthu sin gur fiú aird a dhíriú, dar le Jennifer.
Chuige sin, is gá go n-aithneofar an dream nua seo ón tSiria agus ó thíortha máguaird mar ‘theifigh’ agus go mbronnfar cearta orthu a bheadh ag teacht leis na cearta daonna atá ag saoránaigh de chuid na tíre seo.
Tá dhá scéim inar féidir leis an sruth nua a mbealach a dhéanamh isteach sa tír.
Beidh codán beag daoine ag teacht isteach mar ‘theifigh’ faoin scéim ‘athlonnaithe’, atá cosúil le scéim atá i bhfeidhm cheana agus atá ar fáil do dhaoine a n-éiríonn leo urraíocht a fháil, go minic ó dhuine muintire leo.
Beidh an chuid is mó de dhaoine ag teacht isteach mar ‘iarrthóirí tearmainn’ ar an scéim eile.
Faoi láthair tá breis agus 4,000 iarrthóir tearmainn cheana féin in Éirinn nach n-aithnítear mar theifigh iad agus atá gafa i gcóras ‘Soláthar Díreach’ go dtí go ndéantar cinneadh faoina stádas.
Socrú sealadach a bhí i Soláthar Díreach, a bunaíodh in 1999 agus atá ar an fhód go fóill.
Ar an mheán, fanann iarrthóirí sa chóras seo ar feadh cúig bliana – cuid acu suas go deich mbliana – i mbrúnna óige plódaithe, ar bheagán acmhainní agus gan de chead acu a mbeatha a shaothrú.
Ábhar “buairimh” don eagraíocht feasachta NASC an oiread atá cloiste acu faoina bhfuil beartaithe ag an rialtas go dtí seo.
“Ónár dtaobh-sa, tá go leor imní orainn faoin chóras nua seo atá á chruthú, mar is cosúil go mbeidh sé an-chóngarach don chóras Soláthar Díreach.
“Má tá muid le foghlaim ó na botúin a rinneadh cheana, ní mór dúinn a chinntiú nach ndéantar córas eile a chruthú atá an-chosúil le córas lochtach eile, córas a d’aithin an rialtas nach bhfuil in oiriúnacht don fheidhm,” arsa Jennifer.
Meastar go mbainfidh na chéad teifigh Éire amach sna seachtainí beaga amach romhainn, ag brath ar dhearbhú ón Dáil agus ón Seanad.
Cuirimis fáilte rompu.