Cé chomh deacair is atá sé breithiúna a chur as oifig?

Is minic a chítear daoine ag tabhairt amach ar na meáin shóisialta fé bhreithiúna, toisc go mothaítear go forleathan ná gearran cuid acu téarmaí príosúin fada a dhóthain ar ionchúisithe atá ciontach i gcoireanna uafásacha. Mar shampla, bhí achainí ag dul timpeall ar líne le déanaí ag iarradh go n-éireoidh an Breitheamh Martin Nolan as a phost. Tá an achainí céanna ar líne le trí bliana anuas nó mar sin.

I measc na ngearán a bhaineann leis an mbreitheamh áirithe seo, tá an phianbhreith ar fionraí a thug sé le déanaí d’fhear a fuarthas ciontach i seilbh a bheith aige ar nach mór céad íomhá de mhí-úsáid gnéis ar leanaí. Is féidir suas le cúig bliana sa phríosúin a ghearradh ar dhuine sa chás seo. Anuas air sin tá an phianbhreith trí bliana ar fionraí a ghearr sé ar fhear óg a bhí páirteach in ionsaí a deineadh ar bhean i mBaile Átha Cliath an bhliain seo caite inar dódh í le uisce beirthe agus í ceangailte.

Tá os cionn 38,000 duine tar éis na hachainí áirithe seo a shíniú le trí bliana anuas – ach níl sé chomh héasca san breitheamh a chur as oifig.

Tá próiséas fada casta in Éirinn chun fáilt réidh le breithiúna. Tá sé leagtha amach i mBunreacht na hÉireann 1937 do bhreithiúna na nUaschúirteanna, agus ar bhonn reachtúil do bhreithiúna na Cúirte Dúiche agus na Cúirte Cuarda. Tá an córas fadbhunaithe seo lochtach seanfhaiseanta, agus ag brath go mór ar an dteoiric go bhfuil breithiúna neamhspléach agus, mar sin, saor ó thionchair sheachtracha agus ná fuil ach an dlí mar threoir acu. 

Ní féidir breitheamh a chur as oifig ach de bharr “mí-iompair no míthreorach a luafar”, agus caithfidh an Dáil agus an Seanad rúin a rith á éileamh san. Is léir cé chomh deacair agus casta atá an próiseas seo ó chás Curtin v Dáil Éireann a thit amach in 2006.

Sa bhliain 2002, cuardaíodh tigh an Bhreithimh Curtin (an Chúirt Chuarda) agus cuireadh cúis ina leith fén Acht Um Gháinneáil Ar Leanaí Agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998 de dheasca íomhánna a fuarthas ar a ríomhaireNíos déanaí, éigiontaíodh é toisc fadhb leis an mbarántas a dhein neamhbhailí é. Cé nár imigh an cás níos faide, seoladh litir ón Rialtas go dtí Curtin ag lorg míniú iomlán uaidh. Luadh go raibh sé de chumhacht ag an Rialtas fén mBunreacht rúin a rith chun breitheamh a chur as oifig (cé ná deineadh é sin riamh cheana). 

Sa fhreagra a fuair an Rialtas, dúradh go bunúsach ná raibh sé de cheart ag an Rialtas aon bhreitheamh a cheistiú, de bharr scaradh na gcumhacht, ach go mbeadh Curtin toilteanach an tOireachtas a fhreagairt, toisc gurb é sin (agus ní an Rialtas) an t-órgán stáit cuí. 

Toisc ná cuireadh aon bhreitheamh as oifig riamh, tosnaíodh próiseas fada casta chun rúin a rith ag éileamh go gcuirfí an Breitheamh Curtin as oifig, agus ag an am gcéanna chun comhchoiste Oireachtais a bhunú chun iniúchadh a dhéanamh agus fianaise a fháilt maidir leis an gcás. An aidhm a bheadh ag an gcomhchoiste ná cóirghnáthaimh a chinntiú, agus ní thosnófaí leis an rúin a rith go dtí go raibh tuairisc ullmhaithe ag an gcomhchoiste. 

Bhí roinnt athruithe reachtúla ag teastáil chun bunús dlíthiúil a chur leis an gcomhchoiste seo, agus níor shuigh an comhchoiste go dtí lár 2004. I measc na gcúiseanna a tugadh ar an bhfáth go mbeadh íomhánna de mhí-úsáid gnéis ar leanaí ar an ríomhaire, dúradh go d’fhéadfaidís teacht aníos agus an breitheamh ag féachaint ar rudaí eile dleathacha, agus chomh maith go raibh na gardaí tar éis víris Trojan Horse a fháilt ar an ríomhaire agus gur féidir leis na víris seo íomhánna a íoslódáil i ngan fhios. 

Tugadh cead do Curtin an cás a chur fé athbhreithniú breithiúnach ina dhiaidh seo. Cailleadh an cás san Ard-Chúirt agus chuaigh sé ar aghaidh go dtí an Chúirt Uachtarach. I mí na Samhna 2006, d’éirigh Curtin as a oifig as a stuaim féin ar chúinsí drochshláinte. Mar sin, bhí sé i dteideal an phinsin iomláin. 

Gan dabht, tá dlithe agus rialacha nós imeachta ann ar chúis mhaith agus caithfear cloí leo. Mura bhfuil barántas bailí, níl sé bailí. Mhothaigh mórán daoine, áfach, ná raibh sé cothrom ná féaráilte go bhféadfadh cúis mar seo a chur i leith duine agus gan toradh ar bith teacht as. Sa deireadh, ní bheidh a fhios ag éinne riamh an n-éireodh cúis choiriúil i gcoinne Curtin muna mbeadh an barántas neamhbhailí.  

Ní suaimhneas aigne é d’éinne in Éirinn, atá den tuairim gur chóir go mbeadh córas ann chun fáilt réidh le daoine ná fuil an jab á dhéanamh i gceart acu, ná briseadh aon bhreitheamh riamh as a phost. Agus is léir ná athróidh achainí ar líne mórán, ach oiread.

SCÉALTA EILE