‘Ceaptar nach bhfuil i gceist le foghlaim teanga ach píosa spraoi’

Bíonn múinteoirí éifeachtacha ag súil leis an gcaighdeán is airde, ní ghlacann siad le leithscéalta bunaithe ar chúlra nó ar ‘neamhshuim’ an dalta, agus bíonn ionchais arda acu. Tá bealaí acu chun daltaí a mhealladh lena ndícheall a dhéanamh agus barr a gcumais a bhaint amach.

Is mar sin a chuireann an t-iarmhúinteoir agus iar-phríomhoide Fergal Roche síos ar chuid de na tréithe a bhíonn ag ‘múinteoirí éifeachtachta’ ina leabhar Mining for Gold: Stories of Effective Teachers. 

Aithníonn Roche gur ceird í an mhúinteoireacht a fhoghlaimítear de réir a chéile agus go bhfuil a bhealach féin ag gach múinteoir éifeachtach. Ach tréith amháin atá i gcoitinne acu ar fad ná nach ngéilleann siad d’fhaisean oideolaíoch na huaire ach go gcloíonn siad lena gcur chuige féin atá bunaithe ar chiall cheannaithe agus ar mhachnamh a dhéanamh ar conas is fearr foghlaim a chur chun cinn

Tuigeann “múinteoirí maithe”, a deir Roche, nach foinse siamsaíochta iad ach go bhfuil sé mar dhualgas acu a chinntiú go ndéanann gach dalta dul chun cinn faoina stiúir. 

Dar le Roche gur drochnós é ag múinteoirí áirithe iarracht a dhéanamh ábhair scoile a dhéanamh níos taitneamhaí le cuma níos spraíúla a chur orthu . Síleann sé gur masla intleachtach a leithéid de chur chuige agus go gceileann sé oideachas ceart ar dhaltaí. Bainfidh daltaí sásamh intleachtach as an ábhar féin de réir mar a chuireann siad lena n-eolas agus lena dtuiscint air, a deir sé.  

Tagraíonn sé go ceanúil do roinnt múinteoirí a bhí aige féin ar scoil. Dhírigh múinteoir Fraincise amháin a bhí aige ar ghreim maith a thabhairt dá rang ar bhunchlocha na teanga: gramadach, foclóir agus fuaimniú. Bhíodh go leor athrá agus obair chrua i gceist, ach is chun tairbhe na ndaltaí a bhí sé foghlaim nach rud éasca é i gcónaí teanga a thabhairt leat. 

Is oth le Roche go bhfuil an cur chuige traidisiúnta seo imithe i léig sa lá inniu toisc go gceaptar gur gá gníomhaíochtaí “spraíúla” a dhéanamh formhór an ama, rud a chiallaíonn go mbíonn leisce ar mhúinteoirí iachall a chur ar dhaltaí an obair chrua a dhéanamh atá ag teastáil chun máistreacht a fháil ar theanga ar bith.

In ionad sin, tugtar tús áite do chluichí agus ceaptar nach bhfuil i gceist le teanga a thabhairt leat ach píosa spraoi. An toradh a bhíonn air seo ná caighdeáin ísle agus easpa dul chun cinn, rud a chuireann drochmhisneach ar dhaltaí agus a thugann orthu cúl a thabhairt do na teangacha.

Nuair a smaoiním siar ar mo laethanta scoile féin, tagaim leis an tuiscint thraidisiúnta atá ag Roche ar céard is múinteoireacht mhaith ann. Is múinteoirí den seandéanamh a mhúscail spéis ionam sa Ghaeilge: múinteoirí a mhínigh cúrsaí go soiléir, a thug dúshlán an ranga agus a raibh súil acu go n-oibreoimis go crua, gan eagla orthu a bheith údarásach agus dian nuair ba ghá. 

Ghlac siad leis an seachadadh eolais mar phríomhsprioc an teagaisc agus thuig siad gurb é an rud is mó a thabharfadh muinín dúinn sa teanga ná gramadach, saibhreas agus comhréir na Gaeilge a mhúineadh dúinn ar bhealach córasach, iad ag cinntiú go raibh gach coincheap nua foghlamtha againn trí mheán ceisteanna, measúnuithe agus obair bhaile rialta. 

Ní bheadh cigirí na Roinne Oideachais sásta le cur chuige “oidelárnach” m’iarmhúinteoirí féin, áfach, mar go moltar anois don mhúinteoir a laghad cainte a dhéanamh agus is féidir, agus ceaptar gur cheart ranganna a bhunú ar mhianta na ndaltaí, ar obair ghrúpa agus ar an teicneolaíocht ionas go mbeadh daltaí “gníomhach” agus “gafa” i gcónaí. 

Níl aon drogall ar Roche droch-mhúinteoirí a cháineadh toisc go mbaineann siad ó dhea-chlú na múinteoireachta, dar leis. Deir sé nach gcuirfimis suas le fiaclóirí nó le dochtúirí nach bhfuil ach “maith go leor”, ach go ndéanaimid amhlaidh i gcás múinteoirí. 

Cáineann sé múinteoirí nach gcuireann tábhacht an ábhair in iúl do dhaltaí, nach bhfuil eolas domhain nó suim acu san ábhar, atá mí-eagraithe agus ar nós cuma liom. Bhí múinteoirí ag Roche féin a chuir ar gcúl é seachas é a thabhairt chun tosaigh in ábhair áirithe. Maíonn sé go bhfuil an cineál seo múinteora i bhfad róchoitianta, agus gur cheart do phríomhoidí gortghlanadh a dhéanamh orthu agus gan aon trócaire a bheith acu dóibh. 

Is gá a bheith dian ar mhúinteoirí, dar le Roche, toisc go bhfuil tionchar fad-téarmach acu ar mheon an dalta i leith an ábhair atá á theagasc acu. Mura múintear ábhar i gceart, cothaítear drochmheon agus searbhas ina leith in aigne an dalta agus is deacair é sin a chur ina cheart níos faide anonn. 

SCÉALTA EILE