Agus an Domhan ag cur fáilte roimh 2024 ag meán oíche anocht, tá muintir Gaza go fóill faoi ionsaí gan stad ag fórsaí Iosrael agus an líon is mó Palaistíneach maraithe i mbliana ó bhí Nakba 1948 ann.
Chun aird a tharraingt ar an ár agus ar nádúr díréireach na coimhlinte, tá feachtas ar siúl inniu a éilíonn ar dhaoine tacaíocht a léiriú do shos comhraic buan in Gaza ag imeachtaí ceiliúrtha na Bliana Úire.
Iarrtar ar dhaoine ar fud na cruinne comharthaí agus póstaeir a ullmhú ar a bhfuil teachtaireachtaí tacaíochta do mhuintir Gaza scríofa, agus ansin ’Sos Comhraic Anois’ a ghlaoch amach ag deireadh an chomhairimh síos lena gcuirfear fáilte roimh 2024.
Is féidir páirt a ghlacadh san fheachtas trí íomhánna agus físeáin a phostáil ar na meáin shóisialta faoi na haischlibeanna #Countdown2Ceasefire agus #10go1goSosComhraic.
Tá an feachtas á bheoshruthú ar X anseo agus tá na mílte tar éis páirt a ghlacadh ann cheana féin.
Ba é 2023 an bhliain ba mharfaí sa Phalaistín ó bunaíodh stát Iosrael in 1948 – maraíodh breis agus 22,400 Palaistíneach sna Críocha faoi Fhorghabháil, an formhór mór acu siúd in Gaza le trí mhí anuas.
Ina ainneoin sin, tá ag teip go hiomlán ar an bpobal idirnáisiúnta seasamh críochnúil a thógáil ar an gceist agus sos comhraic buan a éileamh – go deimhin, tá cuid de na cumhachtaí is mó ar domhan, SAM, an Ríocht Aontaithe agus tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina measc, fós ag soláthar airm d’fhórsaí Iosrael atá á n-úsáid as éadan ar shibhialtaigh éigiontacha.