Bhain gníomhairí de chuid na heagraíochta Misneach an focal ‘Dingle’ de chomhartha bóthair i nGaeltacht Chorca Dhuibhne le linn don ghrúpa a chruinniú bliantúil Gaeltachta a reáchtáil sa gceantar an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí baill Mhisneach i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chiarraí do ‘Mheitheal Misneach’ leis na dúshláin atá roimh an gceantar Gaeltachta a phlé eatarthu féin agus le muintir na háite.
Crochadh grianghraif ar chuntas oifigiúil na heagraíochta de bhaill dá cuid ag baint an leagan Gallda den logainm ‘Daingean Uí Chúis’ de chomhartha bóthair sa nGaeltacht agus mhaígh an grúpa go raibh “feabhas curtha ar chomhartha lochtach i nGaeltacht Chiarraí ag [a] ngníomhairí”.
I ráiteas a thug an eagraíocht do NÓS inniu, dúradh go bhfuil Misneach “go láidir den tuairim” gur chóir go mbeadh an chomharthaíocht oifigiúil i gceantair Ghaeltachta i nGaeilge amháin agus gur cheart “dul i mbun gnímh dhírigh” chuige sin.
Maíodh go bhfuil “a dhóthain le déanamh ag an gCoimisinéir Teanga”, agus ag muintir na háite, gan a bheith “ag gabháil d’fhiosrúcháin oifigiúla faoi gach aon diabhal comhartha a bhriseann an dlí”.
Feabhas curtha ar chomhartha lochtach i nGaeltach Chiarraí ag ár ngíomhairí níos luaithe inniu ✊ pic.twitter.com/OQUrETNwDe
— Misneach (@MisneachAbu) 30 Meán Fómhair 2018
Bhí ceist ainm an bhaile ina cnámh spairne nuair a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla tuairim is 15 bliain ó shin. Bhí sé ina chogadh dearg idir dhá dhream sa gceantar, dream amháin ar theastaigh uathu gur i nGaeilge amháin a bheadh comharthaí do bhailte sa nGaeltacht oifigiúil, agus dream eile, muintir an bhaile den chuid ba mhó, a bhí den tuairim go gcuirfeadh comharthaí i nGaeilge amháin mearbhall ar thurasóirí.
Thángthas ar réiteach — gur i nGaeilge amháin a bheadh na comharthaí in iarthar an réigiúin, i gcroí na Gaeltachta, agus go gceadófaí comharthaí dátheangacha ar an taobh thoir den leithinis. Cuireadh greamáin ‘Dingle’ ar na comharthaí aonteangacha sa nGaeltacht oifigiúil nuair a crochadh iad, áfach, agus fágadh na greamáin ann ar feadh i bhfad.
Dúirt Misneach go bhfágann a leithéid de ghreamán “a rian ar shícé na nGael”.
Deir sé [leis na Gaeil] ná fuil dlisteanacht ná feidhm lena dteanga féin suas le teangacha eile na cruinne, mar dhea is gur rud doiléir í nach fiú a chur ar chomhartha gan teanga ‘níos fearr’ a bheith ceangailte in aice léi, fág gurb í teanga na háite í agus gur mian le muintir na háite a dteanga féin a fheiscint mórthimpeall ar nós teanga ar bith eile. Tá impleachtaí scanrúla ag a leithéid ar mhuinín an phobail. Is iad na maslaí ‘beaga’ so a mhaolaíonn a gcuid misnigh, blúire ar bhlúire, agus a chothaíonn meon cloíte,” a dúradh sa ráiteas.
Mhol Misneach go scaipfí eolas ar chuairteoirí chun an cheantair mar gheall ar na paróistí Gaeltachta agus ar “oidhreacht shaibhir na logainmneacha”, agus go míneofaí céard is brí le ‘An Daingean’ agus gurb é “an t-aon leagan ceart a chífí ar aon chomhartha sa cheantar i dteanga an phobail”.
“An chéad rud a dhein coilínigh ar fud an domhain agus iad. ag pleanáil a gcuid coilíneachtaí ná dinnseanchas mhuintir na háite a scriosadh agus a dtuiscint dhúchais ar na logainmneacha a ghlanadh, chun an nasc idir pobal agus dúthaigh, idir dúthaigh agus teanga, a bhriseadh,” a dúradh.
Ach dúirt duine de mhuintir na háite le NÓS gur beag éifeacht a bheadh ag gníomh Misneach ag an deireadh seachtaine agus, go deimhin, gur beag spéis atá ag muintir na háite anois sa gceist áirithe sin.
“Tá an cath sin caite anois, ní chuireann sé isteach ar mhuintir na háite mar a chuireadh abair deich mbliana ó shin. Is iarmhairt de throid chaite iad na comharthaí sin, an cheist is mó atá ag dó na geirbe do dhaoine óga i gCorca Dhuibhne anois tithíocht, chomh maith le fostaíocht agus gnáthcheisteanna pobail.
“Tá brú mór ar dhaoine óga anseo ó thaobh cíosa de agus tá sé fíordheacair orthu tithe a cheannach. Ní gníomh olc ná maith a bhí sa rud a rinne Misneach, ach dá mbeidís ag iarraidh a bheith radacach agus ábhartha do cheisteanna móra sóisialta an lae inniu, b’fhéidir go ndéanfaidís gníomh faoin bhfadhb mhór tithíochta, idir AirBnB, ceisteanna pleanála, cúrsaí cíosa, agus eile,” a dúirt an duine, rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Dúradh gur “maith an rud é” go bhfuil leithéidí Misneach ag cur spéis sa nGaeltacht agus ag iarraidh cumainn agus cruinnithe a eagrú sa gceantar ach gur fearr a chaithfidís a bhfuinneamh ar cheisteanna a chuireann an pobal spéis ann anois.
“Bhí ceist an logainm ina chogadh mór tamall de bhlianta ó shin ach níl an oiread sin cainte ná spéis ann faoi anois. Tá rudaí eile ag cur brú ar an nGaeltacht sa lá atá inniu ann agus ba chóir díriú orthu sin,” a dúradh.
Beagnach leathchéad bliain ó shin, chuaigh Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun gnímh i gConamara agus cuireadh tarra agus péint dhubh ar logainmneacha Gallda ar chomharthaí Gaeltachta.
Sa mbliain 2003, tugadh Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach a rialaigh nár cheadmhach comharthaí a raibh logainmneacha Béarla ná Gallda orthu a chrochadh sa nGaeltacht.