2017: an dara bliain is teo riamh


Tá 2017 cheana féin ar an mbliain is teo riamh gan aon El Niño, agus ar an dara bliain is teo ar an iomlán ó thosaigh na taifid teasa 120 bliain ó shin.

Léiríonn sonraí a d’fhoilsigh NASA inné go raibh teas níos airde ná mar is gnách ann ar fud na cruinne, agus ar gach mór-roinn, thar na 11 mhí dheiridh agus gur dócha go mbeidh mí seo na Nollag mar an gcéanna.

Is é 2016 an bhliain is teo a bhí againn ar domhan go dtí seo ach bhí El Niño láidir ann anuraidh, córas aimsire san Aigéan Ciúin a théann i bhfeidhm ar aeráid an domhain agus a thug ardú breise don teocht.

Meastar go mbeidh 2018 píosa beag níos fionnuaire ná 2017 ach go mbeidh sé fós i measc na 10 mbliana is teo riamh.

Tagann an nuacht seo sna sála ar thuarascáil ó Eagras Aigéanach agus Atmaisféarach na Stát Aontaithe a thugann le fios go bhfuil deireadh leis an Artach mar ab eol dúinn é.

“Ní réigiún buan reoite, mar a bhí sna blianta a d’imigh, a bheas san Artach arís,” an tátal a baineadh as an taighde.

Anois, conas a mhothaímid faoi sin?

SCÉALTA EILE