Tá an Aetóip tar éis breis agus 350 milliún crann a chur laistigh d’aon lá amháin.
Sea, léigh tú i gceart é, 350 milliún crann!
Cuireadh na síológa inné, Dé Luain 29 Iúil, mar chuid d’olltionscnamh náisiúnta a bhfuil sé de sprioc aige ceithre bhilliún crann a chur san Aetóip faoi dheireadh an tsamhraidh seo.
Ba mhian leis an rialtas “oidhreacht ghlas” a fhágáil ag na glúnta atá le teacht agus táthar ag iarraidh ar gach saoránach 40 síológ ar a laghad a chur sna seachtainí beaga amach romhainn.
Tá an pobal ag glacadh leis an dúshlán go fonnmhar agus druideadh oifigí poiblí go fiú ionas go mbeadh státseirbhísigh in ann a bheith páirteach san obair mhór inné.
Bhí aire nualaíochta agus teicneolaíochta na tíre, an Dr Getahun Mekuria, ag tweetáil le linn an lae faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir le plandú na gcrann agus d’fhógair sé faoin tráthnóna gur cuireadh níos mó ná 353,600,000 síológ taobh istigh de 12 uair an chloig.
Is curiarracht dhomhanda é an líon sin anois, curiarracht a bhí ag an India go dtí seo tar éis gur cuireadh 50 milliún crann ansin sa bhliain 2016.
Tugadh le fios le déanaí go bhféadfadh crainn tionchar dochreidte a imirt ar an ngéarchéim aeráide agus go bhfuil ár gcairde glasa ar na huirlisí is éifeachtaí dá bhfuil ann chun dul i ngleic leis an méid iomarcach CO2 atá san atmaisféar.
Sa staidéar a foilsíodh ar dtús san iris Science ag tús na míosa, léiríodh go ngabhann crainn líon ollmhór CO2 agus dá gcuirfí tuilleadh fásra go mbeifí in ann éifeacht téite an gháis a laghdú go suntasach.
Ar a bharr sin, meastar go bhfuil an-phoitéinseal ag baint le hÉirinn go háirithe chun crainn a chur ar an ábhar go bhfuil an oiread sin talaimh sa tír, atá oiriúnach do chrainn, nach bhfuil aon choill ná forais ag fás air faoi láthair.
Tá tograí áirithe crann ar siúl ag na húdaráis in áiteanna éagsúla sa tír ach ar ndóigh ní gá fanacht leo sin… anois, cá bhfuil an spád?