40,000km gan bhreosla

Thuirling an Solar Impulse 2, eitleán a ritheann ar fhuinneamh gréine amháin, go talamh in Abu Dhabi ar maidin agus turas 40,000km timpeall an domhain curtha isteach go slán aige.

Seo an chéad uair a bhfuil turas thart ar an chruinne déanta in eitleán a bhí ag reáchtáil ar fhuinneamh ón ghrian amháin.

Cuireadh tús le turas stairiúil an Solar Impulse 2 ar an 15 Márta 2015 in Abu Dhabi faoi stiúir Andre Borschberg agus Bertrand Piccard ón tSualainn.

Ar landáil dóibh sna huaireanta beaga maidin inniu, seoladh giolc ó chuntas Twitter @solarimpulse agus pictiúr den bheirt eitleoirí áthasacha.

Turas corraitheach, fada, dúshlánach go maith a bhí ann ina raibh na heitleoirí gafa i spás fíorbheag ar feadh tréimhsí fada.

Ó thaobh meáchain de, is ionann an Solar Impulse agus cairrín beag.

Is furasta a shamhlú a dheacra a bhí an turas agus iad ag eitilt 30,000 troigh in airde go mall thar uiscí garbha agus talamh iargúlta.

Idir 30-60km san uair meánluas an eitleáin ghrianfhuinnimh.

Tógadh fuinneamh isteach trí 17,000 ceallra gréine agus rinneadh an fuinneamh a stóráil sna ceallraí úd ionas go mbeadh an t-eitleán in ann tarraingt ar an fhuinneamh san oíche.

Ar philleadh dó, dúirt Bertrand, atá ag ullmhú don turas seo ó bhí 1999 ann, gur spreagadh mór is ea an togra seo i ndomhan na teicneolaíochta glaise.

D’aithin sé gurb í oidhreacht an Solar Impulse an pobal idirnáisiúnta a chothaigh sé.

Fuinneamh glas go deo!

SCÉALTA EILE