Fuair breis agus 61,000 duine bás den teas san Eoraip an samhradh seo caite, agus táthar ag meas go dtiocfaidh ardú ar an líon sin i mbliana agus sa tréimhse amach romhainn.
Sin an chonclúid ó staidéar nua a foilsíodh san iris eolaíochta Nature an mhí seo ina bhfuair na taighdeoirí amach gur tháinig méadú 25,000 ar líon na mbásanna a tharla de bharr teasa san Eoraip le seacht mbliana anuas.
Ba é samhradh 2022 an tréimhse is teo riamh de réir na dtaifead agus, i bhfianaise an teaspaigh mhóir atá ag déanamh dochar uafásach sa mhór-roinn faoi láthair, tá seans láidir ann go mbeidh 2023 níos teo arís agus go mbeidh iarmhairtí níos measa ann dá bharr.
Is san Iodáil, sa Phortaingéil agus sa Spáinn a bhí na rátaí báis ab airde a bhain leis an teas, rud a léiríonn a leochailí atá tíortha na Meánmhara ó thaobh an athraithe aeráide de.
“Tarraingíonn ár staidéar aird ar an téamh atá ann le deich mbliana anuas, téamh atá ag éirí níos tapa i rith an ama” arsa Marcos Quijal, duine d’údair an pháipéir.
“Is léir go bhfuil géarghá ann le hathmhachnamh a dhéanamh ar na pleananna coisctheacha atá i bhfeidhm ag tíortha i láthair na huaire agus iad a neartú go mór.
“Tugann na treochtaí seo le fios go bhféadfadh 68,000 Eorpach bás a fháil den teas gach samhradh faoi 2030, agus níos mó ná 94,000 faoi 2040, mura dtugtar aghaidh ar an bhfadhb.”
Ní féidir le corp an duine dhaonna cur suas le teochtaí arda ar feadh tréimhsí fada, go háirithe nuair a bhíonn leibhéal ard bogthaise ann – cuireann an bhogthaise isteach ar chumas an choirp allas a chur.
Daoine aosta is mó a bhíonn thíos leis an teas ard ar an ábhar nach féidir lena gcorp an teocht inmheánach a rialú chomh héifeachtach le corp daoine níos óige, ach is fadhb í ar gá do gach duine a bheith airdeallach uirthi.
Dar le táscairí aeráide an Aontais Eorpaigh, tá an teocht san Eoraip ag ardú ag ráta níos tapa ná meánráta an Domhain, rud eile a thugann le fios go mbeidh baol níos mó ann ón teas sna blianta atá le teacht.
“Is gá do na rialtais náisiúnta agus do na gníomhaireachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh cur go mór lena n-iarrachtaí ar bhonn práinne agus feabhas a chur ar éifeachtacht a bpleananna maidir le tionchar an teasa a mhaolú,” arsa Quijal.