Aighneachtaí á lorg faoin dísciú bithéagsúlachta – beidh an Gael Glas ag cáiseamh ar son na Gaeltachta

Tá aighneachtaí á lorg ag an Tionól Saoránach faoin dísciú bithéagsúlachta. Beidh an Tionól de 99 saoránach agus cathaoirleach amháin ag fiosrú na mbealaí a d’fhéadfadh an stát ó dheas dul i ngleic leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta atá ann i láthair na huaire, agus tá tuairimí an phobail ar an ngéarchéim sin á lorg anois. 

Tá achainí déanta ag Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann (IWT) ar mhuintir na hÉireann an deis seo a thapú agus na rudaí is tábhachtaí dóibh – idir áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, agus idirnáisiúnta – a chur faoi bhráid an Tionóil. 

Tá IWT ag éileamh go dtabharfaí isteach Acht Bithéagsúlachta a “chuirfeadh an Plean Gnímh Náisiúnta Bithéagsúlachta” ar comhchéim ó thaobh na reachtaíochta de leis an Acht Aeráide a tugadh isteach an samhradh seo caite. Chomh maith leis sin, ba mhaith leis an eagraíocht “go gcuirfí bonn níos láidre” faoin bhFóram Bithéagsúlachta, grúpa neamhspleách a choinníonn súil ar ghníomhartha an Rialtais i leith na bithéagsúlachta agus na mbeartas aeráide.

Molann IWT go dtabharfar geallúint go gcosnófar 30% de thalamh na hÉireann mar chuid den ‘Beartas Domhanda don Nádúr’ a aontófar i mí Nollag na bliana seo, chomh maith le hathchóiriú a dhéanamh ar chomhlachtaí stáit dála Choillte, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Bord na Móna le go dtabharfar sainorduithe dóibh maidir leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta. Ar cheann de na héilimh is mó atá IWT a dhéanamh ná an t-éileamh go leasófar Bunreacht na hÉireann le go mbeidh seasamh ag “Cearta an Nádúir” sa cháipéis sin. 

Ba mhaith leis an nGael Glas go gcuirfeadh gach cainteoir Gaeilge sa tír a bhfuil spéis aige ní hamháin i gceist an díscithe bithéagsúlachta ach i gcás na teanga aighneacht faoi bhráid an Tionóil. Cheangail an tOllamh Michael Cronin dán bithéagsúlachta agus dán na Gaeilge le chéile ina leabhar An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht a foilsíodh in 2020. Is iomaí focal a scríobhadh ar an saothar spéisiúil sin ar leathanaigh NÓS cheana – sa cholún seo féin – agus ní gá dul siar ar an méid atá ráite cheana. 

Tá na ceantair Ghaeltachta i measc na n-áiteanna is áille atá againn sa tír seo agus baineann an ghéarchéim bhithéagsúlachta go mór leis na ceantair sin freisin. Mura ndéanfaí an beart leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú i gCorca Dhuibhne, i nGaoth Dobhair, i gConamara, agus sna ceantair bheaga eile is iad muintir na Gaeltachta a bheidh thíos leis. Tá dlúthbhaint ag an ngéarchéim Ghaeltachta leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta. Mar sin, beidh an Gael Glas ag lua go sonrach ina aighneacht go gcuirfear plean ar leith i bhfeidhm don ghéarchéim bithéagsúlachta i gceantair Ghaeltachta na tíre ar bhonn práinne. Tá súil agam go ndéanfaidh léitheoirí NÓS amhlaidh!  

Is féidir aighneacht a chur isteach anseo (tá an fhoirm i mBéarla).

SCÉALTA EILE