Tá trí cinn de na radhairc is áille in Éirinn i gceantair Ghaeltachta, de réir liosta nua a d’fhoilsigh Suirbhéireacht Ordanáis Éireann le déanaí.
I measc na n-áiteanna galánta ar liosta “Na 6 Radharc is Áille in Éirinn” tá Mainistir na Coille Móire i gConamara, Sceilg Mhichíl i gCiarraí agus Sliabh Liag i nDún na nGall.
“Tá ár rogha radhairc ag an uile dhuine againn, agus ní féidir liosta críochnúil a dhéanamh riamh, ach cuireann muid i láthair anseo ár rogha phearsanta féin de na radhairc is deise sa tír,” a dúirt lucht na léarscáileanna.
“Déarfaidh duine ar bith a leag súil ar Mhainistir na Coille Móire agus iad ag tiomáint trí Chonamara gur foirgneamh é ar fiú go mór an carr a thiontú thart lena aghaidh.”
Foirgneamh atá ann a bhfuil “athchóiriú agus caomhnú mion, cúramach” déanta air.
Tá an mhainistir féin suite le cois Loch Pholl an Chapaill, agus cruthaíonn an choill taobh thiar di “tírdhreach aislingeach” do ghrianghrafadóirí agus péintéirí araon.
Agus Slí na Sceilge ainmnithe ag The Lonely Planet ar na deich gceantar is fearr ar domhan le cuairt a thabhairt orthu, ní nach ionadh go bhfuil sé anois ar liosta na radharc is áille sa tír.
Tá cáil ar Sceilg Mhichíl ar fud an domhain ó léiríodh sár-áilleacht na háite sa mhórscannán Star Wars: The Force Awakens.
D’fhéadfadh sé gurb í an radharc is iomráití sa tír anois í, agus ní haon drochrud é sin, dar le saineolaithe na suirbhéireachta.
Sampla iontach atá inti de mhainistir luath-Chríostaíochta. I bhfad sula raibh aon chaint ar chor ar bith ann faoi Star Wars, bronnadh aitheantas idirnáisiúnta uirthi mar Láithreán Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO.
Ó thuaidh linn ansin go haillte Shliabh Liag in oirdheisceart Dhún na nGall, an tríú ceantar Gaeltachta atá luaite ar an liosta náisiúnta.
“Seoid” atá in aillte Shliabh Liag ar shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus cé nach bhfuil siad chomh aitheanta le haillte an Mhothair i gContae an Chláir, tá cuid de na haillte farraige is airde sa tír ar fáil ag Sliabh Liag. Is ansin atá ceann de na radhairc is fearr le fáil den ghrian ag dul faoi fosta.
Ar na trí áit eile atá luaite ar liosta na radharc is áille tá an Seancheann i gCionn tSáile, Corcaigh, Cuan Mó i gContae Mhaigh Eo agus Loch Té i sléibhte Chill Mhantáin.
Má tá radhairc áille ar bith eile ar intinn agat ar cheart iad a bheith ar an liosta seo, ba bhreá linn iad a fheiceáil.
Cuir teachtaireacht chugainn ar Twitter nó ar rphost eolas@nos.ie