Tá aip ar fáil trínar féidir coireanna fiadhúlra agus comhshaoil a thuairisciú agus tá súil ag an gComhpháirtíocht ar Son Gníomhú in aghaidh Coireanna Fiadhúlra (PAW) go dtapóidh muintir na hÉireann an deis stop a chur le coireanna a dhéanann dochar don chomhshaol agus d’fhiadhúlra na tíre.
Éascaíonn an aip an próiseas le coir a thuairisciú leis na Gardaí agus leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra trí fhoirm shimplí a chur ar fáil. Tá treoir ann san aip faoin eolas ba cheart a chur isteach i dtuairisc – ainm an tuairisceora, an choir féin, na hainmhithe nó na plandaí atá thíos leis, agus an áit ar tharla sé agus araile. Iarrtar eolas faoin am, dáta, agus na cúinsí aimsire freisin.
Ní sheoltar gearán isteach tríd an aip féin ach cruthaítear cáipéis a bhfuil an t-eolas cuí ar fad ann is féidir a sheoladh ar ríomhphost nó i litir chuig an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra nó an Garda Síochána.
Tá súil ag PAW go mbeifear in ann an t-eolas a chuirtear ar fáil faoi choireanna fiadhúlra a úsáid le tuairim a fháil ar mhinicíocht na gcoireanna ó thaobh áiteanna agus amanna de. Cabhróidh an t-eolas seo, dar leo, le heolas a scaipeadh ar an bpobal faoi na cineálacha coireanna a dhéantar agus le ceisteanna a chur ar pholaiteoirí agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra faoi na pleananna atá i bhfeidhm dul i ngleic le coireanna fiadhúlra.
Is iomaí coir fiadhúlra a dhéantar in Éirinn ó cheann ceann na bliana – gearradh sceach sa samhradh, póitseáil, brocaireacht, agus marú éan, chomh maith le coireanna eile nach iad. Déanann na coireanna seo dochar don chomhshaol agus don bhithéagsúlacht tráth a bhfuil géarchéim bhithéagsúlachta in Éirinn.
Iarrtar ar dhaoine a bheidh ag úsáid na haipe a bheith cúramach agus iad i mbun na dtuairiscí agus iad féin a chur i mbaol – go mór mór má cheaptar go bhfuil nimhiú i gceist.
Tá an aip ar fáil ar an Play Store agus an App Store.