Aitheantas oifigiúil don ghéarchéim chomhshaoil ó Chonradh na Gaeilge

Aithneoidh Conradh na Gaeilge go hoifigiúil go bhfuil géarchéim chomhshaoil ann agus go mbeidh tionchar mór ag an athrú aeráide ar an nGaeltacht sna blianta amach romhainn.

Ritheadh rún ag Ard-Fheis na heagraíochta teanga, atá á reáchtáil i gcathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo, go n-aithneodh Conradh na Gaeilge “go bhfuilimid i lár éigeandála” i láthair na huaire agus go bhfuil “an Ghaeltacht i mbaol ollmhór” de bharr na géarchéime comhshaoil. 

Beidh an Conradh ag iarraidh ar bhaill na heagraíochta “a bheith lárnach” sa chéad léirsiú eile ar son an chomhshaoil agus go leagfar béim ar leith sna léirsithe sin ar chás na Gaeltachta mar cheantar atá cois cósta agus ag braith go mór ar earnálacha ar nós na hiascaireachta agus na turasóireachta. 

Ba í Edel Ní Bhraonáin, ball de Choiste Gnó an Chonartha, a mhol an rún go mbeadh an Conradh gníomhach san fheachtas ar son an chomhshaoil. Dúirt sí gur gá stop a chur leis an éigeandáil chomhshaoil ar mhaithe leis an nGaeltacht a chosaint agus a chaomhnú, agus mhaígh nach mbeadh “ann don Ghaeilge ná don Ghaeltacht” mura ndéanfaí amhlaidh. 

Moladh ina rún, freisin, go nglacfadh an Conradh ballraíocht i ngrúpa stocaireachta a bhíonn ag feachtasaíocht ar son an chomhshaoil, ach baineadh an chuid sin den rún amach sular ritheadh ag an Ard-Fheis é. 

SCÉALTA EILE