An bhfuil an tír seo réidh don éigeangáil aeráide?

Tá sé fíordheacair bheith ag smaoineamh ar chúrsaí comhshaoil agus ar na slite ina bhfuil an domhan ag athrú le linn aimsir bhreá bhog an tsamhraidh, ach is léir ón méid sin nuachta atá ag teacht chugainn ó áiteanna ar fud na cruinne nach féidir é a sheachaint. Díreach tar éis tonn teasa mharfach i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe, tá na scórtha marbh i dtuilte sa Ghearmáin, sa Bheilg, san India agus sa tSeapáin. 

Níl aon dabht ach go dtarlaíodh eachtraí mar seo go rialta, ach tá sé soiléir go dtarlaíonn agus go dtarlóidh siad níos minice agus go mbeidh siad níos measa sa ré nua aeráide atá linn anois — baol a bhí tuartha le fada ag na saineolaithe. Cuireann an t-athrú aeráide le hardteocht na dtonnta teasa agus leis an méid báistí a thiteann i rith stoirmeacha. Ní hamháin sin ach beidh siad níos coitianta, agus ag tarlú in áiteanna nach bhfuil aon taithí acu ar an sórt seo éigeandála. 

Fiú sa Ghearmáin agus sa tSeapáin — tíortha saibhre, a bhfuil infreastruchtúr láidir agus córais fholáirimh acu — ní rabhadar réidh leis an méid báistí a thit (timpeall 150mm in aghaidh an lae in áiteanna sa Ghearmáin). Bhí na muintir na háite le cloisint ag rá gurbh fhéidir leo a shamhlú go dtarlódh a leithéid i dtíortha eile san Áise nó san Afraic, ach i dtír fhorbartha cosúil leis an nGearmáin…?

Agus sin é croílár na héigeandála — tá an t-athrú aeráide linn anois, agus ní hamháin go mbeidh an aeráid ag athrú, ach an domhan go léir. Cuirfidh sé isteach orainn go léir, idir óg agus aosta, bhocht agus saibhir. Cinnte beidh sé níos déine ar dhaoine leochaileacha, ach ní bheidh éinne againn slán agus in ann éalú óna thionchar. 

Féach ar a bhfuil tuartha d’Éirinn — níos fliche in iarthair an oileáin agus níos tirime san oirthear ar an meán. Ach níl an scéal iomlán sa mhéid sin, cuirfidh sé isteach ar an measarthacht chomh maith. Is é sin le rá nuair a thiteann an bháisteach san oirthear, beidh sí i bhfad níos troime. Agus mar atá feicthe sa Ghearmáin, is iad na heachtraí sin a dhéanann an dochar. Le linn na stoirme, ní hí an mheánghaoth a sciobann an díon den tigh, ach na séideáin. Agus sin gan trácht ar ardú leibhéal na mara. An bhfuil an tír réidh? An bhfuilimidne réidh?

Ní bhíonn in aon rud ach seal, agus caithfimid an meon sin a thabhairt linn agus sinne ag machnamh ar an todhchaí. Bóithre, páirceanna, tithe, bailte fiú — cé go bhfuil cuma bhuan orthu, ní féidir brath air. An gceannófá teach mura mbeifeá in ann árachas a fháil? Ar cheart tithe agus bailte a chosaint nó iad a thréigean (cúlú bainistithe nó ‘managed retreat’ i mBéarla). Agus má chosnaímid iad, cé a bheidh ag íoc astu? Seans gurb iad na ceisteanna is ceart dúinn a phlé agus sinn sínte amach ar an trá. 

Níor mhaith liom a bheith ródhiúltach, áfach. Is maith an rud é bheith réalaíoch, glacadh lena bhfuil i ndán dúinn agus déanamh réidh. Agus nílim ag séanadh an fhiúntais atá i ngach aon ghníomh a dhéanaimid chun astaíochtaí aeráide a laghdú. Gan dabht, tá ardú teochta 1.5°C níos fearr ná 2.0°, agus 2.0°C níos fearr na 3.0° (an t-ardú atá tuartha roimh dheireadh na haoise mura laghdóimid na hastaíochtaí).

 Caithfimid dianmhachnamh a dhéanamh ar gach atá tábhachtach dúinn — daoine, pobal, ainmhithe, plandaí, foirgnimh, cultúr, teanga — agus pleananna a bheith againn chun iad a chaomhnú. Áirc Naoi na Nua-Aoise.

Agus tugann sé sin sinn chuig ábhar eile ba bhreá liom a phlé am éigin, in alt eile b’fhéidir (má tá an t-eagarthóir stuama géarchúiseach NÓS sásta le níos mó de mo chuid raiméise…). Is é sin ná conas a aithneoimid cad atá tábhachtach. Tá an díospóireacht ar an athrú aeráide fréamhaithe san eolaíocht agus aontaímid go léir leis an luach atá ag baint leis sin, ach ní dóigh liom go labhraíonn sé le croí an phobail.

An mbeimid in ann domhan nua a shamhlú gan na healaíontóirí, na filí, na scríbhneoirí, na ceoltóirí, na daoine cruthaitheacha go léir a bheith chun tosaigh? Bíonn easpa dóchais le brath i gcúrsaí aeráide go minic, an mbeidh sé le fáil arís sna healaíona?

SCÉALTA EILE