Tá sé ina shamhradh te brothallach arís in Éirinn. Tá na tránna dubh le daoine agus an fharraige bán le bainne gréine – drochscéala do bheathra na bóchna. Caithimse go leor ama sa bhfarraige agus mé ag snámh, ag snorcláil, ag bádóireacht agus ag tumadóireacht.
Chomh maith leis sin, caithim go leor ama ag déanamh imní faoin damáiste a dhéanann an ghrian do mo chraiceann, mo shúile, agus mo chuid gruaige agus ní théann lá tharam nach gcaithim bainne gréine. Ach ar an drochuair, is féidir go bhfuil an leacht a chosnaíonn mo chraiceann ar ghathanna UV na gréine ag déanamh dochar as cuimse don fharraige a dtugaim an oiread sin grá di.
Nuair a bheartaigh mé an t-alt seo a scríobh an chéad lá theastaigh uaim liosta moltaí faoi na bainní gréine is fearr don chomhshaol a chur le chéile, ach thuig mé go han-sciobtha nach raibh an t-am ná na hacmhainní agam é sin a dhéanamh i gceart. Theastaigh uaim, mar sin féin, pobal na Gaeilge a chur ar an eolas faoin damáiste a dhéanann bainne gréine don fharraige agus a maireann ann agus súil agam go gcaithfeadh tú féin súil ar an liosta comhábhar ar chúl d’fhachtóir 50.
Feictear dom go bhfuil níos mó daoine airdeallach ar na rudaí a théann isteach ina mbainne gréine le cúpla bliain anuas, ar chúiseanna éagsúla. Is é an comhshaol an chloch is mó ar mo phaidrínse agus, déanta na fírinne, tá mé go mór in amhras faoi chuid den phlé atá feicthe agam ar líne maidir le bainne gréine ‘ceimiceach’ agus na daoine a bhíonn ag argóint ina choinne – bhí boladh láidir lucht frith-vacsaíne uathu. Díreoidh mé, mar sin, ar bheathra na farraige agus an dochar mór atá muid a dhéanamh sa réimse sin.
Meastar go dtéann os cionn 12,000,000kg bainne gréine isteach sa bhfarraige chuile bhliain, ar fud an domhain. Sin thart ar 33,000kg sa ló. De réir taighde a rinneadh in Haváí cúpla bliain ó shin, téann os cionn 185kg den stuif isteach sa bhfarraige ag aon trá amháin gach lá (Cuan Hanauma). Ar an meán, fágann gach 10,000 snámhaí ceithre chileagram bainne gréine ina ndiaidh sa bhfarraige.
Frítheadh i staidéar amháin a rinneadh in 2018 go raibh 90% de na táirgí cosanta gréine a bhí á sileadh isteach i bhfarraigí an domhain ag déanamh dochar mór don chomhshaol – agus an damáiste is mó á dhéanamh do na sceireacha coiréil atá á dtuaradh go tréan. Is éard atá i gceist leis an ‘tuaradh coiréil’ ná fágáil na n-algaí a mhaireann i gcomhar leis an gcoiréal agus a thugann an dath geal glé dó. Nuair a fhágtar na halgaí, imíonn foinse bhia agus sciath chosanta an choiréil agus bíonn dath bán an choiréil féin le feiceáil. Fágann sé an coiréal i mbaol mór sláinte agus is minic a fhaigheann sé bás. Fuair 50% de choiréal Mhuir Chairib bás in aon bhliain amháin in 2005, agus tá 85% níos lú coiréil ann anois ná mar a bhí 50 bliain ó shin.
Ach céard is féidir linne a dhéanamh?
Tá sé an-tábhachtach bainne gréine nó earraí SPF eile a chaitheamh le thú féin a chosaint ó ghathanna UV na gréine – níl aon dul as i ndáiríre. An rud is fearr is féidir a dhéanamh ná thú féin a chur ar an eolas faoi chomhábhair an táirge is ansa leat féin agus athrú go táirge eile más gá.
B’fhéidir gur thug tú faoi deara go bhfuil an dá théarma ‘reef-friendly’ agus ‘reef-safe’ le feiceáil ar níos mó buidéal le cúpla bliain anuas. Is maith ann iad, is dóigh, ach ó tharla nach bhfuil aon dlí ann in Éirinn ná san Aontas Eorpach (ná áit ar bith eile ar domhan) faoi úsáid na dtéarmaí sin, ní féidir aon mhuinín a chur iontu – ní hionann iad agus lipéid eile a fheictear ar tháirgí dála ‘Fair Trade’ a ndéantar monatóireacht orthu.
Deirtear freisin nach bhfuil a fhios againn fós céard atá 100% ‘sábháilte don fharraige’ ach tá sé chomh maith againn ár ndícheall a dhéanamh leis an eolas atá againn. Go bunúsach, tá dhá chineál bainne gréine ann – na ceanna mianraí agus na ceanna ceimicí. Tugann an dá cheann an-chosaint don chraiceann ach oibríonn siad ar bhealaí éagsúla ach is fearr i bhfad na ceanna mianraí don chomhshaol.
Más fearr leat na ceanna ceimicí, is féidir a bheith ar an airdeall faoi chuid de na ceimicí is measa agus iad a sheachaint. Tugadh dlí isteach in Haváí in 2021 lenar cuireadh cosc ar bhainne gréine a bhfuil ocsabansón (oxybenzone) agus octanocsáid (octinoxate) ann. Meastar gurb iad sin an dá cheimic is measa amuigh ó thaobh damáiste don choiréal de agus ba chéim mhór chun cinn é an cosc. Níl cead ag díoltóirí táirgí a bhfuil na ceimicí sin iontu a dhíol i Haváí anois agus tógtar na táirgí ó thurasóirí a thagann chun na tíre.
Ó tharla nach bhfuil a leithéid de dhlí in Éirinn, is fúinn féin atá sé a chinntiú nach bhfuil ocsabansón ná octanocsáid inár mbainne gréine agus muid á cheannacht sa siopa. Tá liosta de cheimicí eile atá go dona don chomhshaol ann freisin nár éirigh le lucht dlí in Haváí cosc a chur orthu: oxylenzone, retinyl palmitate, parabens, phthalates, agus formaldehyde. Tá roinnt daoine in amhras freisin faoi octocrylene, cé go bhfuil sé sin an-choitianta ar fad sna bainní gréine a dhíoltar i Haváí. Tá sé sa mbainne gréine is fearr liom féin – Sunbum – agus tá mé i mbun taighde fós faoin dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh don fharraige.
I ndeireadh na dála, is é an foscadh na chosaint is fearr dá bhfuil againn ar ghathanna UV. Cheannaigh mé léine UV ó Surf Dock i mBaile Átha Cliath le deireanas agus caithim spéacláirí gréine agus hata nuair a bhíonn mé ar an bhfarraige nó sna cnoic. Tá súil agam go mbainfidh léitheoirí NÓS ard-taitneamh as laethanta buí an tsamhraidh ach go gcuimhneoidh tú ar do chraiceann agus an comhshaol agus tú amuigh faoin aer.