Bhí mé ag spochadh as lucht an Chomhaontais Ghlais coicís ó shin, ag rá go raibh an pobal sásta go maith imní a bheith orthu faoin aeráid agus faoin timpeallacht, ach nach raibh siad ag iarraidh go gcuirfeadh aon athrú mór isteach orthu.
Tá tuiscint againn anois go bhfuil an domhan ina chadás, agus gur muid féin a rinne é. Tuigeann muid mura gcuirfidh muid pleananna i bhfeidhm go sciobtha gur gearr nach mbeidh áit ar bith againn, ach mar sin féin, táimid fós ceangailte don charr agus don bhóthar agus níl aon fhonn mór athrú orainn mar phobal.
Faoi láthair, tá ribíní ar chrainnte ar fud bhóithre dheisceart Bhaile Átha Cliath. Tá siad curtha ann ag an bpobal áitiúil atá ag iarraidh nach leagfaí iad le áit a dhéanamh don phlean nua do bhusanna sa gcathair.
Mar shampla, tuairiscítear go bhfeadfadh sé go gcaithfí míle crann a leagan sa tSeanchill i mBaile Átha Cliath, sa gcaoi agus go mbeidh bealach éasca ag an mbus ó Bhré isteach go lár na cathrach, agus bheadh tú ag súil go mbeadh níos mó daoine sásta dul uirthi nuair nach mbeadh sí sáinnithe i dtrácht.
Níl an dá choincheap ag teacht le chéile. Ag leagan crainnte ar láimh amháin, agus bóithrí á leathnú ar an láimh eile. Tuilleadh carbóin á gcur amach ag busanna. Truailliú don tsúil a bheadh ann freisin agus crainnte arda arsa ár sinsir á marú.
Má táimid dáiríre faoi thruailliú, faoi dhaoine a chuir amach as a gcuid caranna, faoin aeráid agus faoi stair agus oidhreachta ceantair a chaomhnú, caithfidh muid a bheith níos fad-radharcach ná busanna agus lánaí speisialta.
Sa gCríoch Lochlann, agus bailte agus tograí nua á bpleanáil, fostaítear síceolaithe aclaíochta agus spóirt chun cinntiú go bhfuil siad sách glas le daoine a mhealladh amach taobh amuigh, agus chun meabhairshláinte a chur chun cinn. Ní leagfaí an méid sin crainnte go brách chun bóthar a dhéanamh níos leithne, is cuma cé mhéid bus a bheadh ag taisteal air.
Beidh sé spéisiúil feiceáil cén taobh a rachaidh na Glasaigh leis an gceann seo. An seasfaidh siad leis na crainnte, nó leis an mbus? Tá fiúntas agus a luach féin ag an dá rogha. Nó an gcuirfidh siad brú ar na húdaráis leigheas iomlán eile a aimsiú?
Tá sé in am againn dul faoi thalamh. Tolláin agus córas a dhéanfadh nasc idir gach baile sa bpríomhchathair. Faoin am a bheidh cásanna cúirte críochnaithe, crainnte sábháilte nó leagtha, bóithre déanta níos leithne, ní bheidh an bealach nua sách fairsing don daonra máguaird.
Chonaic muid gur tharla sé seo nuair a críochnaíodh an M50. Is iomaí uair i rith an lae anois nach bhfuil áit ag dreancaide ar an mótarbhealach seo, é chomh plódaithe ag trácht. Deirtear liom go gcosnódh sé i bhfad an iomarca airgid córas faoi thalamh a thógáil. B’fhearr liom é a íoc ná cáin charbóin nó fíneálacha éagsúla de bharr an iomarca astaíochtaí carbóin.
B’fhearr liom go mbeadh muid ag coinneáil crainnte a bhí anseo i bhfad romhainn agus ag cur crainnte nua. B’fhearr liom go mbeadh béim á chur ar an aclaíocht agus tograí nua á bpleanáil. Mura mbeidh ár rialtas sásta breathnú faoi thalamh, sa talamh a bheidh muid, maraithe ag trácht, easpa glaineachta agus easpa físe.