Chuir mo mháthair ina luí orainn agus muid ag fás aníos an géarghá le haire a thabhairt don timpeallacht.
Bhí bosca ildathach athchúrsála againn agus bhíodh sé de nós ag mo dheartháirín óg “Sábháil na piongainí!” a scread amach gach uair ar mhúch sé solas sa teach.
Bím airdeallach fós ar an domhan mór timpeall orm.
Glacaim páirt sa chomhrá agus déanaim iarracht bheith ar an eolas faoin méid atá ag tarlú chun an timpeallacht a chaomhnú.
Ach i ndáiríre, céard is fiú na rudaí seo a rá nó bheith ar eolas agam má bhíonn dochar á dhéanamh agam – mar a bhíonn againn ar fad – nach mór chuile lá?
Cheana féin tá teipthe ar mhuintir na hÉireann ó thaobh na spriocanna athrú aeráide a leagadh amach dúinn don bhliain 2020.
Tá sé déistineach nach bhfuil bun-athchúrsail fiú ar siúl ag go leor ionad oibre agus deireadh na bliana 2017 anois ag druidim linn.
Tá nósanna ag gach uile dhuine, nach mór, atá baolach don domhan álainn thart orainn – táirgí áilleachta, gnáthaimh shiopadóireachta, an tslí a láimhseálaimid bruscar srl.
In amanna tarlaíonn a leithéid mar thoradh ar leisciúlacht agus áisiúlacht, agus scaití toisc nach mbíonn rogha eile ar fáil dúinn.
Bheartaigh mé mar sin dúshlán a chur romham féin mo chuid drochnósanna agus iompar dochrach a laghdú.
Chuile mhí déanaim athrú amháin – rud éigin simplí ach éifeachtach le mo lorg carbóin féin a mhaolú.
Agus táim chun na hathruithe seo a roinnt libhse, ag súil go mbeidh sibh féin spreagtha amhlaidh a dhéanamh.
Seo daoibh mar sin mo chéad athrú…
Dúshlán na Míosa #1 – Gan Aerasóil a Úsáid Níos Mó
Sna 1970í cuireadh cosc in go leor tíortha ar na clórafluaracarbóin (CFC) a raibh ídiú mór á dhéanamh acu ar an gciseal ózóin, mar sin, ní hiad is measa anois.
Tá dochar fós á dhéanamh againn, áfach, leis na haerasóil a bhíonn in úsáid againn sa lá atá inniu ann ina bhfuil hidreacarbóin agus gáis nach bhfuil go maith dúinn ná don timpeallacht.
Dar le taighde de chuid NASA, tá tionchar ag aerasóil ar an mbáisteach fiú.
Is dócha gur uaill agus paranóia a chuir drogall orm an t-athrú beag seo a dhéanamh cheana.
D’éirigh mé as an sprae gruaige agus mé i mo dhéagóir, mar sin an dúshlán is mó a bhí romham ná an díbholaíoch.
Ní raibh mé cinnte an mbeadh an díbholaíoch crua chomh héifeachtach céanna.
Agus cén t-am is fearr dul sa seans leis agus é a thriail?
Ag ritheacht chun na hoibre?
Ag damhsa ag cóisir?
Níl aon am ceart ann, is dócha, le bheith buartha go bhfuil boladh uait ná go bhfuil tú ag cur isteach orthu siúd timpeall ort.
Roghnaigh mise an t-am is measa, ar ndóigh, agus cheannaigh mé Dove Bar (tá níos lú plaistigh sna barraí ná na cinn rollógacha) san aerfort ar an mbealach chuig Meicsiceo.
Is Éireannach rua mé, agus i dteas 42 céim, bhí mé ag streachailt leis an teas agus go deimhin leis an allas.
Rug an pharanóia orm – rinne mé iarracht gan seasamh róghar d’éinne agus choinnigh mé mo lámha le mo thaobh, ar fhaitíos na bhfaitíos.
Toradh
Tháinig deireadh an lae, áfach, agus deireadh na saoire, agus bhí dea-ionadh orm!
Ní raibh aon chúis imní ann ar chor ar bith.
An t-aon deacracht leis na táirgí seo ná go bhfágann siad lorg ar éadaí, ach go háirithe léinte bána.
Ar deireadh b’éigean dom ceann láidir a cheannach don ngiom agus ceann níos laige, nach bhfágann rian buí ar éadach, don uile lá.
Anois go bhfuil sé in úsáid agam, ní thuigim an faitíos a bhí orm.
Sin an chéad athrú déanta, agus cloífidh mé leis.
Agus más comhartha é seo ar na dúshláin amach romham, seans nach mbeidh sé ródheacair sa deireadh mo chuid a dhéanamh ar son na cruinne!