An zú a chuireann daoine i gcaighin!

Is é an t-ábhar gearáin is mó a bhíonn ag daoine i gcoinne gairdíní ainmhithe ná go bhfuil sé cruálach gránna ainmhithe allta a choinneáil faoi ghlas i gcásanna nó i gcaighin mhínádúrtha.

Bhuel tá zú amháin sa tSín tar éis an bun-choincheap sin a thiontú bunoscionn mar nach iad na hainmhithe a chuirtear i gcaighin ann ach na cuairteoirí daonna!

Osclaíodh Zú Dúlra Lehe Ledu i gcathair Chongqing in lárdheisceart na tíre anuraidh agus ó shin táthar ag tairiscint turas speisialta inar féidir le daoine taisteal fríd an pháirc i bhfeithiclí caighin.

zu2

Ligtear d’ainmhithe ar nós tíogar agus leon siúl go hoscailte ina gclóis agus mealltar iad i dtreo na dtrucailí lán daoine le cearc agus feoil eile.

“Bhí muid ag iarraidh eispéireas an-chorraitheach a chur ar fáil dár gcuairteoirí,” arsa Chan Liang, urlabhraí Lehe Ledu.

“Níl aon riosca ann dóibh ach amháin go gcaithfidh siad a méara a choinneáil taobh istigh den chaighean i gcónaí.”

zu4

Ní mór a chuimhniú gur ainmhithe i ngéibheann fós iad na cait mhóra sa zú ach níl aon amhras ach go bhfuil na turais i ndiaidh greim a fháil ar shamhlaíocht an phobail mhóir sa tSín agus liosta feithimh de 3 mhí ann i láthair na huaire.

An rachfá féin ar an turas, nó cad é do mheas faoin choincheap nua seo?

zu3

SCÉALTA EILE