Ar imeall an uafáis

Tá ár mbaile, an t-aon bhaile atá againn sa chruinne, á scriosadh againn.

Tá sé á dhó, á thruailliú, á réabadh, á dhúshaothrú agus á phlúchadh againn.

An t-aon bhaile atá againn sa chruinne.

An baile a thugann beatha dúinn agus a chothaigh muid ón chéad lá riamh.

Ach tá deis againn an scéal seo a athrú agus cor a chur i gcinniúint an domhain álainn seo ar a bhfuil muid beo.

An t-aon domhan atá againn.

Cuireadh tús an tseachtain seo le Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide (COP21) i bPáras.

Beidh breis is 50,000 duine i láthair idir seo agus 11 Nollaig, ina measc 25,000 teachta oifigiúil ó 195 tír timpeall an domhain – Barack Obama SAM agus ár dTaoiseach féin, Enda Kenny, san áireamh.

Tá an Pápa Proinsias fiú tar éis labhairt amach díreach roimh thús COP21, ag rá go bhfuil muid ar tí an domhan “a fhéinmharú” agus go gcaithfidh muid gníomhú ar athrú aeráide “anois ná go brách”.

Tá sé deacair a áitiú nach bhfuil an ceart aige.

Ach an cheist atá chun cinn in inchinn na ndaoine ná an mbeidh an chomhdháil seo i bPáras díreach mar an gcéanna le chuile chomdháil timpeallachta eile a bhí ann roimhe seo, nó an féidir linn a bheith dóchasach go mbeidh spriocanna feidhmiúla mar thoradh air nuair a thagann sé chun críche i gceann seachtain go leith?

Teip tar éis teipe

Sula féidir an cheist seo a fhreagairt, is gá súil siar a chaitheamh ar Chreat-Choinbhinsiún na Naisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (CCNAAA), nó an UN Framework Convention on Climate Change Framework.

Dréachtaíodh CCNAAA ag Cruinniú Mullaigh na Cruinne i Rio de Janeiro siar sa bhliain 1992 chun teacht ar réiteach idir tíortha an domhain le stop a chur leis an meán-ardú teochta domanda, agus leis an athrú aeráide a bhí ag tarlú dá bharr.

5 bliana níos déanaí tháinig Prótacal Kyoto i bhfeidhm ach, mar is eol do chách, ní raibh mórán de thoradh air sin tar éis gur dhiúltaigh George W Bush é a shíniú ag an am.

In 2001, ag Comhdháil COP7 i Marrakesh Maracó, cruthaíodh rialacha chun prionsabail Kyoto a chur i bhfeidhm agus tá na 195 tír atá sínithe le CCNAAA tar éis bualadh gach dhá nó trí bliana ó shin.

Ach faraor géar, arís agus arís eile, theip ar na comhdhálacha seo teacht ar aon chomhaontú deifnídeach chun bearta a ligean síos a chuirfeadh teorainn le harthú aeráide.

baile-cara

Cad atá éagsúil faoi Pháras?

Cén fáth, mar sin, a gceaptar go mbeidh toradh difriúil ar an gcruinniú seo?

Mar, go bunúsach, caithfidh toradh difriúil a bheith air.

Tá comhaontú forleathan ann go gcaithfidh téamh domhanda a choimeád faoi 2 chéim Celsius i gcomparáid le teocht an domhain mar a bhí sa tréimhse réamh-thionsclaíoch.

Caithfear seo tarlú má tá seans ar bith le bheith againn droch-iarmhairtí an athruithe aeráide a sheachaint.

Droch-iarmhairtí mar thriomach, tuilte, truailliú, scriosadh timpeallachta, bochtanas, bás… tuigeann tú an scéal.

Agus tá práinn bhreise leis nuair a smaoiníonn tú go bhfuilimid faoi láthair ag dul i dtreo téamh domhanda d’aon chéim amháin Celsius cheana féin.

Bhí 2015 ar an mbliain is teo dár taifeadadh riamh, dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta.

Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil tasc ollmhór romhainn.

Chun an dá chéim thuasluaite a sheachaint ní mór astaíochtaí gás ceaptha teasa (greenhouse gas emissions) a ghearradh faoi 50% – 70% roimh 2100 ar bhonn domhanda.

Ciallaíonn sé sin gearradh ar mheán-astú an duine aonair ó 5 tonna CO2 sa bhliain, mar atá ann anois, síos go 1 tonna.

Chun comparáid a dhéanamh, inniu in Éirinn is é 7.9 tonna CO2 an t-astú bliaintiúil atá ag duine amháin; sna Stáit Aontaithe ardaíonn an figiúr seo go timpeall 17 tonna (is é, 17 tonna) agus sa tSín tá sé ag 6 tonna.

Anuas air seo ní féidir dearmad a dhéanamh go bhfuil an daonra domhanda i gcónaí ag fás, tá sé tuartha go mbeidh 9.7 billiún duine ar domhan roimh 2050, agus iarmhairt amháin a thagann leis sin ná méadú 50% ar an éileamh fuinnimh ar fud na cruinne.

Baineann sé linn ar fad

Ach cén bhaint atá ag na cúrsaí seo linne in Éirinn, deir tú?

Bhuel, an cuimhin leat an t-ardú sin de dhá chéim a luaigh mé thuas?

Mar aon leis na hiarmhairtí uafásacha atá mínithe cheana féin, is dócha go n-ardóidh sé sin meán-leibhéal na mara chomh maith agus beidh oileáin ísle cosúil le… sea, tá an ceart agat… cosúil le hÉirinn i mbaol.

An dtugann sé sin spreagadh duit níos mó athchúrsála a dhéanamh? Nó foinsí glasa fuinnimh a úsáid?

Níor chóir dearmad a dhéanamh gur féidir linn féin – liomsa agus leatsa – athruithe a dhéanamh inár saol pearsanta a chabhróidh le sláinte an phláinéid, an t-aon bhaile atá againn.

Ó thaobh an rialtais de, ag labhairt dó i bPáras d’fhógair Enda Kenny go gcuirfear reachtaíocht i bhfeidhm anseo chun tabhairt faoi na spriocanna timpeallachta.

Dar leis go bhfuil muid ar na chéad tíortha chun roinnt de na cuspóirí seo a leagan síos.

Ach bhí an Taoiseach cúramach freisin, ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an earnáil talmhaíochta riachtanach d’fás eacnamaíochta na tíre agus gur thug na Spriocanna Eorapacha rómheastachán ar an ngearradh astúcháin gur féidir leis an earnáil sin a dhéanamh.

Ní go díreach an seasamh ceannródaíoch atá ag teastáil in am seo an ghátair.

Mar sin féin, in ainneoin gur beag gníomh a tháinig amach as cainteanna CCNAAA thar na blianta, tá níos mó poiblíochta agus cainte faoin chomhdháil i mbliana ná mar a bhí riamh roimhe.

Críochnaíonn COP21 i gceann naoi lá – an leor é chun an taoide a chasadh ar athrú aeráide faoi dheireadh is faoi dheoidh?

Neosfaidh – oiriúnach go leor – an aimsir.


Is céimí innealtóireachta de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, í Meadhbh atá faoi láthair i mbun staidéir ar chumhacht gaoithe san Iorua.

SCÉALTA EILE