Ní hé George Lucas an t-aon George a bhfuil a ainm in airde an tseachtain seo.
Tá Lonesome George, olltoirtís Oileáin Pinta sna Galápagas, a cailleadh in 2012, i mbéal an phobail in athuair agus súil i ndomhan na heolaíochta lena ateacht (second coming)!
Aitheanta ar an speiceas neamhchoitianta ba mhó cáil ar domhan – sular éag sé in aois a 100 bliain – tháinig deireadh leis an toirtís Pinta le himeacht Lonsome George.
Le déanaí, áfach, spreagadh dóchas nua i measc eolaithe atá ag súil leis an toirtís Pinta, arbh fho-speiceas é den toirtís Galápagos, a thabhairt ar ais ón bhás.
Ó 2008, táthar ag obair le toirtísí ó Oileán Isabela – ceann d’oileáin Ghalápagos – ina bhfuarthas iarsmaí de DNA Pinta i roinnt acu den líon.
Bunaithe ar thástálacha géine, creidtear go mbeidh taighdeoirí in ann na toirtísí a phórú (breed) le go mbeidh 95% de na géinte ag teacht leis an toirtís Pinta, nach maireann, tar éis cúig bliana.
Ó mhí na Samhna i mbliana tá 32 toirtís, a bhfuil cruth an Pinta acu, ina gcónaí in ionad pórúcháin agus eolaithe ag súil go mbeidh an fórsa leo chun garmhac nó gariníon le Lonesome George a thabhairt ar an saol!