Tá dath órga an fhómhair le feiceáil le tamall anois ar na crainn agus ar na móinéir, ach ní ar an phláinéad álainn seo againne amháin a tharlaíonn athrú dathanna sa dúlra.
Tá athrú datha i ndiaidh theacht ar phol thuaidh Shatairn, an séú pláinéad ón Ghrian.
Dath gorm a bhí le feiceáil ar an chruth heicseagánach os cionn an phoil thuaidh ceithre bliana ó shin, in 2012, ach dath geal órga atá anois air.
Satarn sa bhliain 2012
Satarn sa bhliain 2016
Is léir dúinn an méid sin bunaithe ar íomhánna atá faighte ó Cassini, taiscéalaí spáis atá ag dul thart timpeall ar Shatarn ó bhí 2004 ann ag bailiú eolais faoi phláinéad na bhfáinní.
Níl na réalteolaithe anseo ar an Domhan cinnte go fóill cén fáth go díreach ar tharla an t-athrú datha, ach an teoiric atá acu ná go bhfuil baint ag na cáithníní smúite (haze particles) san atmaisféar leis an scéal.
Ní rud ar bith nua é athrú theacht ar an scairdsruth (jet stream) heicseagánach os cionn phol thuaidh Shatairn.
Idir 1995 agus 2009 d’éirigh sé níos dorcha agus tá tuairim ag na saoithe spáis faoin chúis atá le dorchú agus gealadh an datha.
I dtéarmaí simplí, measann siad gur athrú na séasúr atá i gceist – dorchadas an gheimhridh agus gile an earraigh.
Le linn na mblianta geimhriúla úd, is lú de sholas na gréine a bhí in ann pol thuaidh Shatairn a bhaint amach agus imoibriú leis na cáithníní smúite san atmaisféar.
Mar gheall ar an laghdú ar na himoibrithe fótaiceimiceacha sin, d’éirigh an dath níos dorcha.
Ach casann rothaí an tsaoil, agus tá na séasúir ag athrú ar phláinéad na bhfáinní de réir mar atá an pol thuaidh ag díriú a aghaidhe diaidh ar ndiaidh ar ais ar an Ghrian.
De réir theoiric NASA, as siocair go bhfuil níos mó solais ón ghrian ag taitneamh ar leathsféar thuaidh Shatairn anois, tá níos mó imoibrithe fótaiceimiceacha ann.
Más fíor do NASA, is mó méid na smúite órga atá san atmaisféar, rud a mhíneodh an dath órga atá le feiceáil in íomhánna Cassini.
Beidh grianstad an tsamhraidh ar Shatarn thuaidh ar an 24 Bealtaine, 2017.
Glacann sé 30 bliain ar Shatarn fithis (orbit) amháin a dhéanamh thart ar an Ghrian.
Mar sin, is ionann bliain amháin ar Shatarn agus 30 bliain ar an Domhan, agus maireann na séasúir ann i bhfad níos faide ná ráithe.
Níl muid iomlán cinnte cén fáth a bhfuil an gorm ina órga anois, ach níl aon amhras ann ach go bhfuil earrach fada romhainn ar Shatarn!