‘Ba cheart Páirc Náisiúnta a dhéanamh den Chonair’ – achainí nua

Tá thart ar 1,400 acra talún ar an gConair i gCorca Dhuibhne curtha ar an margadh agus tá feachtas tosaithe chun impí ar an rialtas é a cheannach agus Páirc Náisiúnta a dhéanamh de.

Suite soir ó thuaidh ón Daingean, is i seilbh an Mheiriceánaigh Mike Noonan atá an stráice mór talún faoi láthair ach tá sé i gceist aige é a dhíol anois.

Is é €7,500 in aghaidh an acra an praghas atá á iarraidh, nó timpeall €10 milliún.

Bhí iontas ar go leor daoine nuair a fógraíodh an scéala inné go raibh an talamh i seilbh phríobháideach leis na blianta agus tá feachtas tosaithe anois atá ag impí ar an rialtas an Chonair a cheannach agus Páirc Náisiúnta a dhéanamh de.

Is í an gníomhaí comhshaoil agus an t-iarpholaiteoir Saoirse McHugh a chuir tús leis an achainí ar líne agus tá tacaíocht á bailiú ag an éileamh i rith an ama.

Is cosúil go mbeadh an tUasal Noonan féin – Gael-Mheiriceánach a thosaigh ag ceannach talún sa cheantar 25 bliana ó shin – sásta leis an moladh sin chomh maith mar gur mhaith leis go bhfanfadh an stráice mór talún mar aon aonad amháin.

“Bheadh sé go deas dá mbreathnódh an Rialtas air i dtaca le páirc nó a leithéid a dhéanamh de,” ar seisean le RTÉ.

“Ba cheart go mbeadh muintir na hÉireann in ann taitneamh a bhaint as. Níor mhaith liom go mbrisfí suas é mar go mbaineann cuid mhór cnocadóirí leas as.”

Tá sé luaite san achainí gur cheart don Rialtas an dúlra a athbhunú sa cheantar ar mhaithe le cách.

“Tá dualgas ar an Stát freagairt don ghéarchéim bhitheolaíochta agus do chliseadh na haeráide.

“Athbhunú na talún agus cinnte a dhéanamh de gur ar leas gach duine atá an talamh, ba cheart go mbeadh sin ina phríomhsprioc ag NWPS (An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra) agus ghlacfaí céim mhór sa treo sin dá gceannófaí an stráice mór talún seo chuige sin.”

Is féidir an achainí a shíniú anseo.

SCÉALTA EILE