Caithfidh mé a admháil nach saineolaí ar an chomhshaol mé ar chor ar bith. Tá sé deacair, áfach, a bheith san aois ina bhfuil mé gan aon saghas cur amach a bheith agam ar an anachain atá os ár gcomhair. Deirtear go minic nach bhfeicfidh muid impleachtaí an athraithe aeráide anseo go ceann tamaill. Deargsheafóid amach is amach é sin. Tchítear gach lá an tionchar atá á imirt ag an athrú aeráide agus an téamh domhanda ar an oileán seo. Ní gá breathnú ar na staitisticí. Breathnaigh amach an fhuinneoig!
Sin ráite, chuirfeadh na staitisticí eagla an domhain ort. An tseachtain seo, d’fhógair NI Water go dtéann 20 milliún tona de chamras neamhchóireáilte isteach inár n-uisce. Gach bliain! Tá 12% de na speicis sna sé chontae i mbaol a ndíothaithe. Tá na sé chontae ar na limistéir is measa ó thaobh ídiú an dúlra de ar fud na cruinne.
Tuartar nach mbainfidh na sé chontae a spriocanna AE amach ó thaobh na gcaighdeán uisce de roimh 2027. Níor tháinig aon fheabhas ar chaighdeán an uisce anseo ó 2015. Bíonn beagnach 76% againn ar an oileán ag baint úsáid as cairr mar príomh-mhodh taistil go laethúil. Mar a luaigh mé, áfach, ní gá duit ach breathnú ar an timpeallacht le feiceáil go bhfuil muid san fhaopach.
Geallaim nach mbím ag labhairt faoi Dhoire gan stad gan staonadh ach tá ceann de na cúiseanna is mó náire atá againn ó thaobh an chomhshaoil de lonnaithe sa chathair. Ceann de na coireanna comhshaoil is measa a tharla riamh ar an oileán seo. Tá níos mó ná milliún tona de dhramhaíl fágtha ag an suíomh Mubouy i nDoire, atá i measc na ndumpaí coiriúla is mó san Eoraip. Níos mó ná 46 heicteár lán de dhramhaíl agus bruscar nach bhfuil ag dul áit ar bith. Tá an dumpa suite díreach in aice leis An Fhochaine, a sholáthraíonn cuid is mó den uisce óil i nDoire. Tá na mílte galún d’fhuíolluisce agus fadbhanna le gáis láithreáin líonta ann mar gheall air seo. Deirtear, áfach, go bhfuil an t-uisce “sábháilte.”
Ba mhaith leo an áit a dhéanamh sábháilte. Mar gheall ar an chontúirt atá ann, tá siad fós ag fiosrú faoin dóigh is fearr chun plé leis, cé go bhfuil an áit druidte le níos mó ná 10 mbliana anuas. Dar ndóigh, beidh costas mór millteach ann. Phléadáil beirt ciontach as dumpáil mhídhleathach dramhaíola ag an suíomh thiar in 2022. Cúisíodh iad den chéad uair beagnach seacht mbliana roimhe sin ach léiríonn cuardach gasta ar Google nár gearradh aon phionós orthu go fóill. Is comhartha é sin ar na deacrachtaí atá againn fíorphionós a ghearradh ar choireanna a bhaineann leis an chomhshaol.
Scéal a bhí go mór i mbéal an phobail le roinnt míonna anuas é Loch nEathach. Briseann sé mo chroí gach uair a smaoiním air. Loch atá freagrach as 40% den uisce óil sna sé chontae. Loch ar seoid chultúrtha agus seandalaíochta é. Loch ar fágadh faoi scamall dubh é. Comhartha den staid in a bhfuil muid iad na halgaí gormghlasa tocsaineacha ar dhromchla uisce an locha.
Baineann na himpleachtaí le háilleacht an cheantair agus leis na hainmhithe a chuireann fúthu ag an loch. Tá sé ar cheann de na hiascaigh eascann is mó san Eoraip agus bíonn daoine ag maireachtáil as an loch. Deirtear fós go bhfuil an t-uisce sábháilte le hól. Fiú má tá, an cuma linn faoin éiceachóras?
Ní ansin ach dhá shampla den ghéarchéim chomhshaoil atá os ár gcomhair. Bá cheart gur leor an dá cheann sin chun muid a ghríosú chun gnímh. Níl gach rud faoi bhrat bróin, áfach. Cinnte, glacfaidh sé na mílte bliain chun aon rud a réiteach. Níl muid in ann é a stopadh ag an phointe seo. Is féidir linn rudaí a athrú, áfach. Is féidir linn moill a chur ar an phróiseas seo.
Cé go gcaitheann muid leis an domhan gur linn é — ní linne é ar chor ar bith. Is cuairteoirí muid agus bá chóir go mbeadh meas againn air. Ba chóir dúinn an fhadhb a réiteach seachas a bheith ag iarraidh bogadh chuig Mars cosúil le scannán móréilimh Hollywood. Ba chóir dúinn aire agus cúram ceart a thabhairt don timpeallacht. Níl ach domhan amháin againn agus tá sé thar am go gcaitheann muid leis cosúil leis sin.