‘Bhrisfeadh an caitheamh bruscair ar Thuras Carthanachta Mhór-Chuaird Chiarraí do chroí’

Thug mé faoi Turas Carthanachta Mhór-Chuaird Chiarraí ar an rothar ag an deireadh seachtaine. Thaitin an turas go mór liom, agus tá mé an-sásta gur éirigh liom an 170km a chur díom – an turas ba mhó rothair a rinne mé riamh. Tá mé sásta go bhfuil Tarrtháil na Beannaí os cionn €800 níos saibhre anois de bharr na hiarrachta. 

Tá mé míshásta, áfach, faoin gcaitheamh bruscair a chonaic mé ó thús deireadh an turais. Chonaic mé rothaithe ag caitheamh clúdaigh barraí seacláide, buidéil agus craiceann bananaí ar an mbóthar, sna garrantaí agus sna claíocha ar feadh an bhealaigh trí Uíbh Ráthach álainn. 

Ní rothaí spóirt mé. Is maith liom an rothaíocht agus úsáidim an rothar beagnach gach lá le dul ó áit go háit. Creidim gur féidir an rothar a úsáid le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus go bhfuil buntáistí sláinte le baint ag an duine aonair as an rothaíocht rialta. Tugaimse ‘rothaí saoil’ ar mo leithéidse – duine a bhaineann úsáid laethúil as an rothar mar dhlúthchuid den ghnáthshaol. Is ainmhí eile ar fad é an rothaí spóirt agus is annamh a bhíonn teagmháil agam leis. 

Ní hin le rá go ndéanann gach uile rothaí spóirt neamhaird den chomhshaol ná go bhfuil gach uile ‘rothaí saoil’ airdeallach uirthi. Ach ba iad na buachaillí sna héadaí brandáilte rothaíochta agus na rothair mhóra costasacha a chonaic mise ag caitheamh clúdaigh Snickers agus glóthaigh fuinnimh agus craiceann bananaí agus oráistí i leataobh agus iad a zúmáil timpeall na Mór-Chuairde. 

Is deacair a thuiscint cén chaoi a dtiocfadh duine go háit chomh hálainn le hUíbh Ráthach ar dheireadh seachtaine mór turasóireachta agus a mhillfeadh an áilleacht sin d’aon turas. Tá an chuid is mó de na daoine a bhaineann úsáid as na ceantracha áille iargúlta mar ionad siamsaíochta ar an eolas faoi pholasaithe ‘Ná Fág Lorg’ (nó Leave No Trace) agus is iondúil go meabhraíonn lucht eagraithe na mórimeachtaí seo do na rannpháirtithe aird a thabhairt ar na seacht bprionsabal: Pleanáil agus ullmhaigh; Smaoinigh ar dhaoine eile; bíodh meas agat ar ar ainmhithe; campáil agus taisteal ar thalamh daingean; fág ann a bhfaigheann tú ann; faigh réidh le bruscar i gceart; laghdaigh tionchar na tine. 

Baineann ar a laghad cúig cinn de na bunphrionsabail sin le rothaithe agus iad uilig an-éasca a choinneáil. Tugann na rothaithe na barraí seacláide agus bia eile amach leo i bpócaí beaga ar chúl an gheansaí rothaíochta – is furasta craiceann folamh an bhanana nó clúdach an Mhars Bar a chur ar ais sa bpóca céanna go dtí go mbaintear bosca bruscair amach. 

Ach mo léan, fiú agus muid ag Com an Chiste ar i gcroílár na Gaeltachta agus Tearmann Spéire Dorcha Chiarraí bhí an áit ina phraiseach ag na rothaithe. Chuir lucht eagraithe an turais cúpla boscaí móra bruscair ar fáil sa gcarrchlós inar stop formhór na ndaoine a bhain barr an Choim amach, ach fós féin chomhairígh mé na scórtha craiceann bananaí caite thar an gclaí agus isteach sna garrantaí. 

Glacann sé blianta fada fiú ar ábhar in-bhithmhillte, amhail craiceann oráistí, croí úll, craiceann bananaí agus conamar bia eile briseadh síos sa timpeallacht nádúrtha. Meallann siad scroblachóirí a dhéanann dochar d’fhiadhúlra eile, agus tá an dramhaíl gránna agus milleann sí an áit do dhaoine eile. Léirítear i staidéir go mealltar éin scroblála agus mamaigh a ruaigeann éin agus ainmhithe dúchasacha nó a mharaíonn iad má fhágtar dramhaíl bia in áit. An chomhairle a thugann lucht Ná Fág Lorg ná gach rud a thug tú leat a thabhairt abhaile arís leat agus dáiríre níl sé chomh deacair sin ar chor ar bith.

Ba mhaith liom tabhairt faoi Mhór-Chuaird Chiarraí arís ar an rothar ach tá súil agam go scaipfidh lucht eagraithe an turais níos mó eolais ar na rannpháirtithe roimh ré agus go mbeidh an misneach ag níos mó daoine a gcomh-rannpháirtithe a cháineadh nuair a fheiceann siad ag caitheamh bruscair ar thaobh an bhóthair iad. 

Tá ábhar iontach ar fáil i nGaeilge ó Ná Fág Lorg don té ar mhaith leis níos mó a fhoghlaim anseo.