Breosla beorach

Tá sé go holc tiomáint faoi thionchar dí, ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir le do ghluaisteán cúpla galún beorach a ól.

Tá bithbhreoslaí ag éirí níos coitianta i rith an ama ach tá comhlacht grúdaireachta sa Nua-Shéalainn tar éis an chéad bhreosla riamh bunaithe ar bheoir a dhéanamh.

Ní dhéantar Brewtroleum den leann féin go díreach ach den eatánól a chruthaítear ón ghiosta sa phróiseas grúdaireachta.

De ghnáth chaithfí an giosta seo amach, nó dhíolfaí é le feirmeoirí, ach tá an grúdaire DB Export in Auckland anois ag déanamh breosla éiceabhách as agus á chur ar an mhargadh.

Chuaigh 300,000 lítear de Brewtroleum ar díol ar oileán thuaidh Aotearoa ag tús na míosa seo agus beidh an comhlacht ag meas an éilimh sula dtáirgeann siad a thuilleadh.

Sláinte, agus sábháilteacht ar na bóithre, chucu!

SCÉALTA EILE