Ó 2021 ar aghaidh ní bheidh cead ag daoine carranna príobháideacha díosail a thiomáint ar shráideanna Bhriostó.
Is suntasach an cinneadh é atá déanta ag comhairle na cathrach – a vótáil ar son an toirmisc cheannródaíoch Dé Máirt – agus fágann sé go mbeidh Briostó ar an gcéad chathair sa Ríocht Aontaithe chun cosc a chur ar charranna díosail.
Is i lár na cathrach ó 7rn go 3in a bheidh an riail i bhfeidhm agus tá súil mhór ag na húdaráis áitiúla go laghdófar an truailliú aeir dá bharr.
Beidh tacsaithe agus na seirbhísí éigeandála fós in ann tiomáint le linn na n-uaireanta sin ach gearrfar fíneáil ar aon charr díosail eile a fhaightear ar na sráideanna.
Is le córas aitheanta uimhirphlátaí a chuirfear an cosc i bhfeidhm.
Tá Briostó suite in iarthar Shasana, trasna na Sabhrainne ón Bhreatain Bheag, agus tá leibhéil arda truaillithe aeir sa chathair le tamall fada.
Ach tá sé oiriúnach go leor go mbeadh an chathair ar thús cadhnaíochta san ábhar seo mar tá sí ar an mbeagán áiteanna i Sasana a ndéantar breis agus 50% de na turais chun na hoibre ar iompar poiblí, ar rothar nó de shiúl na gcos.
Dúirt Méara na cathrach, Marvin Rees ó Pháirtí an Lucht Oibre, go raibh “dualgas morálta, éiceolaíoch agus dlí” orthu gníomh a dhéanamh ar son na timpeallachta agus ar son shláinte mhuintir na háite.
Maidir le ceist sin na sláinte, meastar go bhfaigheann 23,500 duine bás go luath sa Ríocht Aontaithe de bharr dé-ocsaíde nítrigine (NO2), gás a scaoiltear amach san aer nuair a dhóitear breoslaí iontaise.
Is é 1,200 líon na mbásanna den saghas céanna atá i gceist in Éirinn, dar le staidéar a foilsíodh ní ba luaithe i mbliana.
An bhfeicfimid cosc den chineál céanna anseo aon am go luath mar sin?
Fúinn féin atá sé an brú a chur ar na húdaráis chuí.